about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Fontainebleau, Scoil

click to view fullsize



Scoil Fontainebleau


Scoil de phéintéirí agus maisitheoirí de chuid na hIodáile agus de chuid na Fraince a mhaisigh Pálás Ríoga Fontainebleau do François I (1494-1547) rí na Fraince, an té a ghairm le chéile iad.

Rinneadh an obair ar Phálás Fontainebleau i ndá thréimhse agus tugtar Chéad agus Dara scoil Fontainebleau faoi seach orthu. Baineann an Chéad Scoil leis an tréimhse ó c.1530 go c.1589 agus is é is úimléidí agus is é an Galerie François sa phálás an eiseamláir is fearr de. Tá an scoil tábhachtach de bharr an tionchar mór a d’imir sí ar ealaíona na Fraince toisc gur thug sí an Mainéarachas Iodálach isteach sa Fhrainc den chéad uair. Tá meascán de stíleanna le sonrú ar an bpálás áfach, an Mainéarachas agus an Gotachas Francach go mór mór. Tá eilimintí anghrácha le sonrú air mar a bhí san ealaín ar fad a rinneadh do ríthe na Fraince.

Luaitear Giovanni Battista di Iacopo (1494-1540) ar tugadh Il Rosso Fiorentino air agus a aithnítear mar dhuine de bhunaitheoirí an Mhainéarachais agus Francesco Primaticcio (1504-70) leis an chéad scoil de. Bhí Niccolo dell’Abbate 1509/12-71) ag obair ann chomh maith maraon le Benvenuto Cellini (1500-71), Jean Cousin an tAthair (1490-1560/61) agus Antoine Caron (c.1520-c.1600).

Scaipeadh móitífeanna agus téamaí ó Fontainebleau ar fud na hEorpa trí ghreanadóireachtaí. Scoireadh den obair le linn na cogaí creidimh san Eoraip agus leanadh ar aghaidh leis le Dara Scoil Fontainebleau ina ndiaidh. Scoil Francach-Pléimeannach a bhí ann an babhta seo ach ní raibh sí chomh tábhachtach. Bhí seo faoi phátrúnacht an rí Henri IV a bhí i réim ó 1589 go 1610. Amboise Dubois (1542–1614), Martin Fréminet (1567-1619) agus Toussaint Dubreuil (1561-1602) na príomhealaíontóirí sa dara cheann. Nuair a thagraítear do Stíl Fontainebleau comharthaítear stíl dearadh intí ar chóimeáil é de dhealbhóireacht, péintéireacht, stucó, adhmadóireacht agus miotalóireacht.

An Pictiúr: Radharc ar chuid de Phálás Fontainebleau

Catagóir: Téarmaí Ginearálta

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint