about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Foraois Teochreasa, Meirindiaigh

click to view fullsize



Meirindiaigh na Foraoise Teochreasa


Cultúrlimistéar meirindiach a chuimsíonn achar mór de dheisceart Mheiriceá theas ó Shléibhte na nAindéis soir don Atlantach. Síltear nár lonnaigh daoine sa limistéir ach thart ar 3,000 R.Ch. agus bhí an daonra íseal i gcónaí de réir gach dealraimh. Mhair na daoine i sráidbhailte ar bhruacha na n-abhainn agus is é manioc an barr is mó a chuir siad cé go raibh siad ag brath ar iascaireacht agus sealgaireacht chomh maith.

I measc na gciní a bhí lonnaithe sa limistéir bhí na Cayapó, na Makiritare, na Mundurucu, na Yanomamo, na Shipibo agus na Tupinamba. Tá roinnt de na cultúir i dtuaisceart an limistéir gaolta le cultúir agus ciní Mhuir Chairib.

I gcultúr na Shipibo mar shampla is cúram na mban é déanamh gréithe criadóireachta. Déanann siad iad trí fáinne-mhúnlú. Cuirtear tine ar na gréithe i dtine móra cnámh agus ní i dtornóga. Baineann siad feidhm as sleamhán bán ar chorp na ngréithe chun bunsraith bhán a fháil don mhaisiú. Bíonn gréasa péinteáilte i ndathanna a fhaightear ó súlach crann. Baintear feidhm as súlach crainn eile chun laicear a fháil a thógann ionad ghlónra.

Catagóir: Sibhialtachtaí agus Cultúir Mheirindiacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint