about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Forbes, Stanhope

click to view fullsize



Stanhope Forbes, (1857-1947)

Péintéir plein-air den scoth a chuir tús le coilíneacht phéintéirí Newlyn i gCorn na Breataine. Rugadh i mBaile Átha Cliath é agus Sasanach a bhí fostaithe mar bhainisteoir ar an iarnróid a bhí ina athair agus Francach a bhí ina mháthair. Bhí meas Sasanach air féin ach bhí plé leanúnach aige le péintéirí de bhunadh na hÉireann. Thug a mháthair é chuig ceantar Ardennes na Fraince nuair a bhí sé in pháiste agus d'adhain seo a spéis sa phéintéireacht.

D’imigh Forbes go Londain agus oileadh san ealaín é ag an Lambeth School of Art agus i scoileanna an Royal Academy ar feadh tréimhse sa bhliain 1876. D’imigh sé ina dhiaidh sin chuig Páras sa bhliain 1880 agus fuair teagasc ó Léon Bonnat (1833-1922), an portráidí agus péintéir acadúlach, ina stiúideo.

Bhí aghaidh na bpéintéirí as Éirinn agus as Sasana ag an am ar an mBriotáin mar láthair don phéintéireacht plein-air agus ní taise do Stanhope é. D’imigh sé do Bhriotáin agus fuair lóistín i mbaile St Malo ann. D’fhill sé ar Pháras sa bhliain 1881 agus lean ar aghaidh lena theagasc faoi Léon Bonnat.

D’aistrigh Forbes arís sa bhliain 1882 don Bhriotáin i gcuideachta an phéintéara Henry H. La Thangue (1859-1929) agus chuir faoi i Quimperlé. Bhuail sé leis na péintéirí Joseph Malachy Kavanagh (1856-1918), Nathaniel Hill (1861-1934), Walter Frederick Osborne (1859-1903) agus Norman Garstin (1847-1926) ansin. Bhí sé tógtha leis an bpéintéireacht plein-air ina dhiaidh sin

D’imigh sé i dtús na bliana 1884 chuig Penzance i gCorn na Breataine ach chuir faoi i Newlyn ar ball. Tharraing sé ealaíontóirí eile chun na háite de bharr an rath a bhí ar a chuid phictiúir sa Royal Academy i Londain. Ghlac an Royal Academy lena phictiúir Mangaireacht Éisc ar Thrá i gCorn Breatain sa bhliain 1885 agus thuill seo aghaidh an phobail dó.

Phós sé an t-ealaíontóir Elizabeth Armstrong sa bhliain 1889 agus d’fhan i Newlyn ar feadh an chuid eile dá shaoil. Tháinig meath ar Newlyn mar ionad cónaithe d’ealaíontóirí de réir a chéile go dtí gur bhunaigh Stanhope agus a bhean Elizabeth Scoil Phéintéireachta ann sa bhliain 1899. Toghadh ina bhall den Royal Academy é sa bhliain 1910. Fuair a bhean bás sa bhliain 1912 agus maraíodh a aonmhac sa Chogadh Mór sa bhliain 1916. Phós sé dalta dá chuid Maudie Palmer sa bhliain 1915 agus lean ar aghaidh dílis don phéintéireacht plein-air. Fuair sé bás i Newlyn agus a tá an meas ar a shaothar ag méadú i gcónaí.

Catagóir: Beathaisnéisí Éireannacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint