about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Fraktur

click to view fullsize

Baineadh feidhm as dá leagan de Dhubhlitir sa Ghearmáin go stairiúil chun an Ghearmáinis a scríobh agus a chur i gcló .i. Fraktur agus Schwabacher. Is é an Fraktur an leagan is foirmeálta de go dtí teacht an Bauhaus agus an Cló Rómhánach. Bhí an t-ionad céanna aige ó thaobh an Náisiúnachais de agus a bhí ag an gCló Gaelach in Éirinn a bheag nó a mhór. Bhí críoch eile leis áfach.

Chreid Adolf Hitler go raibh bunús an chló-éadain seo i measc na nGiúdach agus chuir ar ceal é sa bhliain 1941. Ceadaíodh arís é tar éis an Dara Chogadh Domhanda ach bhí an dochar déanta faoin tráth sin.


Pictiúr: Eiseamláir den chló-éadan Fraktur ar lámhscribhinn maisithe. Sliocht as na chéad trí bhéarsa sa Bhíobla atá ann ó Leabhar Geineasais a phléann leis an gcruthú.

Seo an sliocht céanna i nGearmáinis an lae inniu maille le hathraithe sa teanga.

Am Anfang schuf Gott Himmel und Erde. Und die Erde war wüst und leer, und es war finster auf der Tiefe; und der Geist Gottes schwebte auf dem Wasser.

Und Gott asprach: Es werde Licht! Und es ward Licht. Und Gott sah, daß das Licht gut war. Da schied Gott das Licht von der Finsternis und nannte das Licht Tag und die Finsternis Nacht. Da ward aus Abend und Morgen der erste Tag.

Und Gott sprach: Es werde eine Feste zwischen den Wassern, die da scheide zwischen den Wassern. Da machte Gott die Feste und schied das Wasser unter der Feste von dem Wasser über der Feste. Und es geschah so. Und Gott nannte die Feste Himmel. Da ward aus Abend und Morgen der zweite Tag.

Catagóir: Téarmaí Ginearálta

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint