about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Frankenthal, Scoil

click to view fullsize



Scoil Frankenthal
nó an Frankenthaler Malerschule

Scoil thábhachtach phéintéireachta a áirítear mar chuid de Renaissance an Tuaiscirt. Is cathair é Frankenthal i Stát Rheinland-Pfalz in Iarthar na Gearmáine.

Theith a lán teifigh Caitliceacha ón Isíltír go dtí an chathair i leath deiridh an séú céad déag. Daoine ardoilte a bhí ina lán acu, péintéirí, seodóirí agus fíodóirí ina measc. Bhain siad cáil ó 1562 amach do Frankenthal mar ionad tábhachtach do na healaíona a bhain a bhuaic amach sa tréimhse ó 1586 go dtí 1620.

Bhí tionchar Gillis III Van Coninxloo (1544-1607) cinniúnach ar na péintéirí eile na scoile ar nós Joos Van Liere (1520-83), Jan de Witte (1535-96), Anthonie Mirou (c. 1570- c. 1661), Pieter Schoubroeck (c. 1570-1607), Sean-Hendrick Van Den Borcht (1583-1660), Jakob Marrel (1614-81) agus Jean Vaillant. Bhain péintéirí na scoile Joos II. de Momper (1564-1653), Cornelis Huysmans (1648-1727) tábhacht nua don tírdhreach amach. Tá cáil ar Roeland Savery (1576-1639) ar son a ainmhí-aistí.

Catagóir: Téarmaí Ginearálta

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint