about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Frazer, Hugh

click to view fullsize



Hugh Frazer, (fl.1813-1861)

Péintéir tírdhreacha agus portráidí.

Rugadh Hugh Frazer i nDroim Mhór Contae an Dúin. Níl bliain a bheirthe ar eolas. Tá a fhios áfach gur fhreastail sé ar Scoil Líníochta an Dublin Society sa bhliain 1812. Tá a fhios chomh maith gur thaispeáin sé sceitse dá chuid leis an Society of Artists i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1813. Scríobh Hugh aiste ar an bpéintéireacht sa bhliain 1825 agus foilsíodh seo i mBéal Feirste agus i mBaile Átha Cliath.

Thaispeáin sé leis an Royal Hibernian Academy den chéad uair sa bhliain 1826 agus lean den nós seo go dtí an bhliain 1861. Toghadh mar fo-bhall den acadamh é sa bhliain 1830.

Bhog Hugh go Béal Feirste sa bhliain 1834. Bhí sé ar dhuine le lucht bhunaithe an Belfast Association of Artists sa bhliain 1836 agus toghadh mar uachtarán ar an gcumann úr é chomh maith. Onóir eile dó ba ea gur toghadh mar bhall den Royal Hibernian Academy é sa bhliain 1837. Is ar son na tírdhreacha de Bhéal Feirste, abhainn an Lagáin agus Contae an Dúin a rinne sé sa tréimhse seo is mó a chuimhnítear air inniu cé go ndearna sé corrphortráidí. Is cosúil ó thaifidí na dtaispeántais éagsúla gur phéintéir bisiúil a bhí ann cé go bhfuil a lán saothair óna láimh ar iarraidh anois.

Neartaíodh ar a cheangal leis an Royal Hibernian Academy nuair a ceapadh é ina ollamh le péintéireacht san acadamh, post a choinnigh sé don bhliain 1853. D’éirigh Hugh as an Royal Hibernian Academy sa bhliain 1861 agus ní chualathas tásc ná tuairisc air ina dhiaidh sin.

Is ag Coimisinéirí Cuain Bhéal Feirste atá an bailiúchán is mó dá shaothar anois ach áirítear a phictiúir Radharc ar Bhaile an Bhairínigh Co. an Dúin atá i Musaem Uladh mar a shárshaothar.

Catagóir: Beathaisnéisí Éireannacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint