about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

French, Percy

click to view fullsize



Percy French, (1854-1920)

Is fearr an aithne atá anois ar William Percy French mar chumadóir amhrán ná mar phéintéir in uiscedhathanna.

Rugadh i gCluain Uí Choinn i gContae Ros Comáin é ach ní leis an ealaín a thosaigh sé amach ar chúrsa a shaoil. Rinne sé staidéar ar an innealltóireacht ar dtús i gColáiste na Tríonóide idir na blianta 1872 agus 1880 agus bhí fostaithe ar feadh seacht mbliana mar shuirbhéir i gCo. An Chábháin.

Bhí sé ag péinteáil in uiscedhathanna agus gníomhach i gcúrsaí ealaíne taobh amuigh d’uaireanta oibre. Thaispeáin sé leis an Water Colour Society of Ireland sa bhliain 1872 agus lean de seo go dtí an bhliain 1910. Thaispeáin sé leis an Royal Hibernian Academy ar thréimhse deich mbliain ón mbliain 1891 go dtí an bhliain 1901.

Fuair a bhean bás sa bhliain 1891 agus bhí a thréimhse mar innealtóir istigh sa bhliain 1887. Dá bhrí sin is mar amhránaí a chum a chuid amhrán féin - nós a chleacht sé i gColáiste na Tríonóide roimhe sin - a ndeachaidh sé i gcionn tamaill tar éis roinnt rudaí eile a thriail agus bhain cáil amach dó féin, cáil a mhaireann i gcónaí.

An rothar an gléas taistil a bhí aige ag an tús agus an traen ina dhiaidh sin. Thosaigh sé a péinteáil tírdhreacha in uiscedhathanna arís chun an t-am a mheilt agus é ag taistil ó ionad amháin go dtí ionad eile. D’fhorbair sé an nós na spéartha agus an cúlra a phéinteáil agus é ag taistil agus ansin na pictiúir a chríochnú sa teach lóistín. Bhronnadh sé na pictiúir seo in aisce go minic ar dhaoine éagsúla mar chomhartha buíochais.

D’aistrigh Percy go Londain sa bhliain 1904 agus chaith an chuid is mó eile dá shaoil thall i Sasana. Thaistil sé go fada fairsing chomh maith dá bhrí sin tá radharcanna a rinne sé ar thurasanna i Sasana, an Eilbhéis, Ceanada, Stáit Aontaithe Mheiriceá agus na hIndiacha Thiar ar fáil ina shaothar maille le radharcanna a rinne sé in Éirinn.

Thaispeáin Percy a shaothar sa New Dudley Gallery i Londain sa bhliain 1907. Comhthaispeántas a bhí ann agus bhí saothar Claude Hayes, (1852-1922), Mildred Anne Butler (1858-1941) agus William Bingham McGuinness (1849-1928) mar chuid de chomh maith. Bhí a shaothar ar taispeáint sa bhliain 1914 san United Arts Club i mBaile Átha Cliath. Bhí radharcanna ón Eilbhéis mar chuid de seo mar bhí se tar éis turas a dhéanamh ar an tír sin sa bhliain 1913.

Fuair Percy bás i Formby Sasana tar éis tinneas ghéar gairid agus tá sé curtha ar an mbaile sin. Táthar ag cur spéis nua ina shaothar péintéireachta.

An Pictiúr: Sean Tír Chonaill, Percy French

Catagóir: Beathaisnéisí Éireannacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint