about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Frye, Thomas

click to view fullsize



Thomas Frye, (1710-62)

Duine de Bhuíon Bhaile Átha Cliath: buíon scaoilte d’ealaíontóirí na Cinsealachta ar rugadh an chuid is mó acu i mBaile Átha Cliath ach bhí ag obair i Londain le déanamh clónna Meisitinte go mór mór agus le gnéithe eile den ealaín chomh maith. Bhí ráchairt faoi leith i Sasana ar a saothair sa tréimhse idir na blianta 1756 agus 1775.

Rugadh an péintéir Thomas Frye i mBaile Átha Cliath nó in Éadan Doire i gCo. Uíbh Fhailí. B’fhéidir gur oileadh é i scoileanna an Dublin Society cé nach bhfuil fianaise ar seo. D’imigh sé go Sasana nuair a bhí sé fós ina fhear óg, thart ar cúuig bhliana déag d'aois.

Tagann sé chun solais i Londain mar phéintéir phortráidí in oladhath agus i bpastail ag tús na 1730-idí. Duine tionscantach a bhí ann nó bhí sé ar an gcéad duine riamh i Sasana chun poirceallán a dhéanamh. D’oscail seisean agus a phairtnéirí monarcha; an Bow Porcelain Factory chun earraí ann a tháirgeadh sa bhliain 1744. Ar an drochuair ní raibh siad ar an gcéad mhonarcha chun a táirgí a chur ar an margadh i Sasana. Chinn an Chelsea Porcelain Factory orthu. Ní raibh a dtionscnamh chomh rathúil agus ba chóir dá bhrí sin. Bhí Thomas ina bhainisteoir air ar feadh cúig bhliana déag. Bhí eitinn air agus d’éirigh sé as toisc go atmasféar an mhonarcha díobálach dó agus d’aistrigh don Bhreatain Bheag ar mhaithe lena shláinte sa bhliain 1759. Dhún an monarcha sa bhliain 1774 agus d'aistrigh táirgeadh na ngréithe go Derby.

D’aistrigh Thomas anall as an mBreatain Bheag chuig Londain i gcionn tamaill agus dhírigh ar clónna meisitinte a dhéanamh agus is orthu seo is mó a mhaireann a cháil. Rinne sé dhá shraith de chlónna meisitinte, sraith de dhá cheann déag de phortáidí meonúla agus sraith de sheisear ban in éadaí galánta.

Tháinig a lán ealaíontóirí a linne faoi anáil na gclónna seo de bharr a bunúsacht agus a n-ardchaighdeán. Fuair sé bás thall den eitinn.

An Pictiúr: 1746 Thomas Frye, Oladhath , Portráid de Henry Crispe, oifigeach I dTeach an Chustaim, Gailearaí Náisiúnta i gCóbh

Catagóir: Beathaisnéisí Éireannacha

Catagóir: Míndána

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint