about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Gandon, James

click to view fullsize



James Gandon, (1743-1824)

Ailtire a dhear roinnt de na foirgnimh Phálláideacha nó Nuachlasaiceacha is cáiliúla i mBaile Átha Cliath.

Rugadh i Londain Shasana é. Oileadh é mar ailtire ar feadh seacht mbliain ina chathair dhúchais in oifigí an ailtire Nuachlasaiceach William Chambers (1723-96). Fuair sé oiliúint sna healaíona roimhe sin i Shipley’s Academy, an Londain School of Art ar ball.

Chuaigh sé i mbun gnó i Sasana dó féin agus bhí dearadh agus tógáil Nottingham County Hall an coimisiún is suntasaí a chuir sé i gcrích sa tréimhse seo. D’aithin an Royal Academy fiúntas a shaothar agus bhronn bonn óir air sa bhliain 1769. Údar agus foilsitheoir a bhí ann chomh maith i gcuideachta John Woolfe a rugadh in Éirinn. D’fhoilsigh siad dhá imleabhar sna blianta 1769 agus 1771 chun cur leis an Vitruvius Britannicus.

Reáchtáileadh comórtas sa bhliain 1768 chun an Malartán Ríoga i mBaile Átha Cliath a dhearadh agus fuair Gandon an dara áit ann. Thomas Cooley (1740-84) a fuair an chéad áit. Bhí Teach an Chustaim nua á tógáil i mBaile Átha Cliath ag Cooley chomh maith ach fuair sé bás le linn na hoibre. Bhuail Gandon le Lord Carlow agus le John Beresford i Londain a d’iarr air teacht go Baile Átha Cliath chun tionscnaimh neamhchríochnaithe Thomas Cooley a thabhairt anonn. Tháinig sé anall sa bhliain 1781.

Bhí costas Teach an Chustaim an-ard agus gearradh cánacha an-ard ar cháin-íocóirí dá bharr agus ní mó ná sásta a bhí siad. Is cuid den seanchas é gurbh éigean Gandon a smugláil isteach i mBaile Átha Cliath ar mhaithe lena bheatha. Chríochnaigh sé Teach an Chustaim de réir a dhearthaí féin cé már leag sé an méid a bhí déanta cheana ag Thomas Cooley ach rinne cuid dá dhearadh féin de. Rinne sé an rud céanna leis an Malartán Ríoga (Halla na Cathrach i mBaile Átha Cliath anois.), tionscnamh neamhchríochnaithe eile de chuid Cooley.

Dhear Gandon foirgnimh céimiúla poiblí eile i mBaile Átha Cliath ar nós na Ceithre Cúirteanna agus Óstaí an Rí. Dhear sé Droichead Uí Chonaill chomh maith. Chuir sé le Teach na Pairliminte trí cholúnáid a thógáil do Theach na dTiarnaí. Edward Lovett Pearce (c. 1699-1733) a dhear an bunfhoirgneamh.

Taobh amuigh de na foirgnimh poiblí dhear sé a lán tithe príobháideacha dá chairde. Tithe ar nós Roslyn Park i nDumhach Trá a dhear sé don phéintéir William Ashford agus Cúirt Ioma i gCo. Laoise. Dhear sé Abbeville a theach féin i Leamhchán. Fuair sé bás ansin agus cuireadh i nDroim Conrach é. Bhí Henry Aaron Baker (1753-1836) a bhí ina dhalta aige tráth mar pháirtnéir ag Gandon ina ghnó agus thóg sé a chúraim anonn.

An Pictiúr: Radharc ar na Ceithre Chúirteanna, Baile Átha Cliath

Catagóir: Beathaisnéisí Éreannacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint