about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Garstin, Norman

click to view fullsize



Norman Garstin (1847-1926)

Péintéir tábhachtach plein-air ar bhall de Scoil Newlyn é. Rinne sé an a lán dá shaothar in oladhanna i bhformáidí beaga, rud a thréithríonn an phéintéireacht plein-air i gcoitinne.

Rugadh i gCathair Chinn Lis é i gContae Luimní ach chaith sé a ghníomhréim mar phéintéir taobh amuigh den tír. Níorbh í an phéintéireacht a rogha ghairm bheatha áfach. Rinne sé staidéar ar an innealltóireacht i gCorcaigh ar dtús agus aithníodh lena linn an luí le líníocht a bhí ann.

D'fhág sé Éire ina dhiaidh sin chun staidéar a dhéanamh ar an ailtireacht i Londain. Nuair a chualathas an scéal gur fionnaíodh diamaintí i nDeisceart na hAfraice d'ardaigh Norman a sheolta agus chaith ceithre bhliana ann ag tochailt agus ag obair mar iriseoir. Bhunaigh Norman an nuachtán Cape Times i gcuideachta Frederick York St. Leger a rugadh i Luimneach.

Fágadh Norman ar leathshúil é ansin nuair a thit sé de dhroim capaill agus d'ordaigh seo dó malairt bheatha a chleachtadh. Bhí sé ag péinteáil ar feadh cúpla bliain ina am saor ag an tráth seo. Thug sé a aghaidh sa bhliain 1878 ar an Académie Royale des Beaux Arts i gcathair Antwerp na Beilge agus rinne staidéar ann faoi Karel Verlat (1824-90). Lean se ar aghaidh ina dhiaidh sin agus rinne staidéar i gcathair Phárais i stiúideo phéintéara acadúlaigh Carolus-Duran (1838-1917). Chuir sé aithne ar an Impriseanachas i bPáras agus tháiing faoina anáil. Chuir sé aithne phearsanta chomh maith ar Edouard Manet (1832-83) agus Edgar Degas (1834-1917) sa trí bhliaina a bhí sé ag obair i bPáras.

Thaistil sé chuig Deisceart na Fraince, an Iodáil, Tangier i dTuaisceart na hAfraice agus don Spáinn. Chuir sé faoi sa bhliain 1886 sa choilíneacht ealaíne a bhí tosnaithe i Newlyn i gCorn na Breataine. Chuir sé faoi go buan i Penzance sa bhliain 1888. Is é an pictiúr Bíonn sé ag cur báistí gach lá (1889; Penzance, Penlee House Mus. & A.G.) a pictiúr is cáiliúla óna láimh. Is annamh a bhíonn nach mbíonn fíortha daonna ina radharcanna.

Ghlac Norman páirt i dtaispeántais an Royal Hibernian Academy ón mbliain 1883 ar aghaidh cé nach nár chaith sé tréimhsí fada sa tír don chuid eile dá shaol. Thug sé roinnt cuairteanna ar an mBriotáin chomh maith. Bhain sé aitheantas amach dó féin mar údar ar an ealaín agus scríobh altanna d'irisí éagsúla The Studio go mór mór.

Ealaíontóir ón taobh amuigh a bhí a bhí i péintéirí uile Scoil Newlyn. Ní raibh ach aon duine amháin de bhunadh na háite páirteach ann agus b'shin Harold Harvey (1874-1941) ó Penzance agus Norman a d'oil é. Bhí sé de nós ag Norman péintéireacht a theagasc chun airgead breise a shaothrú. Lean Alethea Garstin (1894-1978) gairm a hathar agus bhí ina péintéir.

Catagóir: Beathaisnéisí Éireannacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint