about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Garvey, Edmund

click to view fullsize



Edmund Garvey (1740-1813)

Péintéir tírdhreacha agus cathairdhreacha a rinne a shaothar in oladhathanna agus in uiscedhathanna. Bhain sé an-cháil amach dó féin i Sasana lena linn féin cé nach mbíonn an meas céanna anois air. Síltear go bhfuil a stíl trom de ghnáth.

Rugadh i gCill Chainnigh é agus oileadh é ag Robert Carver (c. 1730-91) an péintéir tírdhreacha agus radharcra ó Bhaile Átha Cliath.

Faightear Edmund thall i Londain timpeall na bliana 1762 agus bhí céimiúlacht áirithe bainte amach aige faoin mbliain 1764 tar éis a shaothar a thaispeáint leis an Free Society of Artists agus an Royal Academy of Arts. Rinneadh fo-bhall den acadamh é sa bhliain 1770 agus ball sa bhliain 1783. Ceapadh ina rúnaí é ar an acadamh ar feadh tamaill chomh maith.

D'imigh Edmund don Iodáil ag deireadh na 1960-idí chun bheith ag obair inti agus chun tuilleadh staidéir a dhéanamh. Thaispeáin sé radharcanna a rinne sé san Iodáil agus pictiúir a rinne sé ó sceitseanna i Londain nuair a bhí sé ar ais i Sasana arís. Maítear go raibh a phictiúr in uiscedhath Eas sna hAlpa (1769) ar ar gcéad radharc den na hAlpa a taispeáineadh riamh sa Bhreatain. Thug Edmund turas eile don Róimh timpeall na bliana 1798.

Bhí Edmund lonnaithe i gcathair Bath ón mbliain 1768 go dtí an bhliain 1778 nuair a d'fhill sé ar Londain. Bhí cónaí ar Thomas Gainsborough (1727-88) ar an mbaile céanna agus d'éirigh Edmund mór leis agus tháinig faoina anáil.

Thug Edmund cuairteanna éagsúla ar a thír dhúchais agus phéinteáil tírdhreacha ó cheann ceann na tíre. Phéinteáil sé tírdhreach de Chlochán an Aifir i gContae Aontroma agus radharcanna dá chathair dhúchais mar shampla. Bhí sé abhus sna blianta 1784 agus 1796. Níl sonraí agus dátaí na dturasanna eile ar eolas.

Catagóir: Beathaisnéisí Éireannacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint