about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Geddes, Wilhelmina

click to view fullsize



Wilhelmina Geddes (1887-1955)

Ealaíontóir i ngloine dhaite agus maisitheoir foilseachán. Rugadh i nDroim Oiríolaigh i gContae Liatroma í. Cuireadh scolaíocht uirthi i mBéal Feirste agus d'fhreastail sí ar an Belfast School of Art ina dhiaidh sin agus bhí bainteach le himeachtaí an Belast Art Society.

D'imigh sí ar aghaidh don Metropolitan School of Art i mBaile Átha Cliath agus rinne tuilleadh staidéir ansin áit a raibh William Orpen (1878-1931) ina theagascóir aici.

Chuaigh saothar Wilhelmina in uiscedhath go mór i bhfeidhm ar Sarah Purser (1848-1943) ionas gur thug sí cuireadh di sa bhliain 1912 bheith páirteach sa Túr Gloine. Thug sí faoin ngloine dhaite feasta agus bhí sí páirteach sa Túr Ghloine go dtí an bhliain 1925. Ghnóthaigh Wilhelmina aghaidh an phobail ar son a léaráidí agus as a saothar ealaíncheardaíochta agus bhí roinnt dá saothar mar chuid den Expostion des Arts Decoratifs a tionóladh sa Louvre i bPáras sa bhliain 1914. Bhí a saothar mar chuid de thaispeántais in Éirinn agus sa Bhreatain chomh maith.

Ghlac sí páirt i dtaispeántais an Royal Hibernian Academy sna blianta 1913, 1914, 1916 agus 1930. dearaí d'fhuinneoga gloine dhaite is mó a bhí i gceist anseo. Bhí éileamh ar a dearaí in Éirinn agus ó thar lear. Dhear sí fuinneoga in Eaglais San Áine i Sráid Dawson i mBaile Átha Cliath maille le cinn eile i séipéil i nDún Laoghaire, Béal Feirste agus Latharna. Tá fuinneoga eile dá cuid sa Nua Shéalainn agus i gCeanada.

D'imigh Wilhelmina go Londain sa bhliain 1925 tar éis tamall a chaitheamh ina cónaí i Mbéal Feirste agus ghlac áit sa chomharchumann ghloine dhaite The Glass House a bhí suite Fulham. Chuir Wilhelmina coimisiún d'ocht bhfuinneoga beaga i gcrích sa bhliain 1929 do Mhúsaem Uladh. Clann Lir ba théama dóibh. D'oil sí Evie Hone sa ghloine dhaite in Fulham agus d'fhan sí mór léi. Chabhraigh sí le hEvie nuair a fuair sí coimisiún do Shéipéal Naoimh Naithí i nDún Droma i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1933.

Fuair Wilhelmina bás thall i Londain. Tá a lán dá dearaí i mbailiúchán an Ghailearaí Náisiúnta.

Catagóir: Beathaisnéisí Éireannacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint