about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Gero, Cros

click to view fullsize

Cros Gero

Is cros adhmaid pholachrómach chéasta í Cros Gero, an GeroKreuz a mheastar gur thug an t-Ardeaspag Gero d’Ardeaglais Köln na Gearmáine. Is sampla dearscnaitheach í Cros Gero den ealaín Ottónach agus meastar gurbh í an chéad mhórchros chéasta í in Iarthar na hEorpa agus go leanann na mórchrosa eile a sampla.

Tá an chros ar thomhas nádúrtha, 2.88 m in airde ar fad. Is é 1.87m airde na fíorach féin. Tá sí déanta as dair agus tá sí péinteáilte agus óraithe. Síltear go mbaineann sí le thart ar 976 A.D.

Léirítear Críost ar an gcros agus é marbh i.e. an Christus Patiens. Bhí an Christus Triumphans in uachtar go dtí sin. Bheadh an chros ar an sampla is sine den Christus Patiens san Iarthar.

Gné thar a bheith spéisiúil eile a bhaineann leis an gcros is ea go bhfuil cumhdach i gcúl an chinn air ina gcuirtí an t-abhlann coisricthe tráth. Ní féidir tionchar ealaín na mBiosántach a fhágáil as an áireamh mar spreagadh do dhearadh na croise. Is é is dóichí go deimhin dar le staraithe áirithe ealaíne.

Thaistil Ardeaspag Gero é féin chuig Cathair Chonstaintin i 971 A. D. chun gnó a dhéanamh don Impire Otto I. Bhí an tImpire ag lorg bean dá mhac a ndéanfaí Otto II de ar ball. Fuair Gero Theophanau nia de chuid an Impire Biosántach mar bhean do mhac an Impire Naofa Rómhánach san Iarthar. Thug Theophanau a lán ealaíontóirí don Iarthar ina cuideachta agus neartaigh siadsan an tionchar Biosántach a bhí ann ar aon nós ar na healaíona san Impireacht Naofa Rómhánach.

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint