about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Gore, William Crampton

click to view fullsize



William Crampton Gore (1871-1946)

Péintéir radharcanna intí, neamhbheonna agus bláthphictiúir.

Saighdiúir san Arm Gallda ó Inis Ceithleann a bhí in athair William Crampton ach ag an am a rugadh é bhí cónaí ar an teaghlach in Áth na Sceire i gContae Chill Mhanntáin. Is leis an an míochaine a ndeachaidh William ar dtús cé go raibh spéis aige san ealaín aige i gcónaí. Rinne sé staidéar agus bhain céim amach mar dhochtúir leighis i gColáiste na Tríonóide i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1897. Fuair sé postanna éagsúla mar dhoctúir go dtí gur éirigh sé as an ngairm sin sa bhliain 1901.

D’éirigh a spéis sa phéintéireacht dairíre nuair a chaith sé tamall de mhíonna sa bhliain 1898 ag staidéar ag an Slade School of Art i Londain áit a raibh Henry Tonks (1862-1937) mar theagascóir aige. D’fhill sé ar an Slade sa bhliain 1900 mar dhalta lánaimseartha agus d’fhan ann go dtí an bhliain 1904. Bhí stiúideo i páirt aige le Augustus John (1878-1961) le linn dó bheith i Londain agus d’éirigh mór le William Orpen chomh maith.

Thosaigh sé ag taispeáint a shaothair leis an Royal Hibernian Academy den chéad uair sa bhliain 1905 agus lean de seo go dtí an bhliain 1939. Bhí sé gaolta le Dermod O'Brien a bheadh ina uachtarán ar an acadamh. Toghadh ina fho-bhall den acadamh é sa bhliain cháilúil 1916 agus ina bhall sa bhliain 1918.

D’imigh sé chun cónaí sa Fhrainc timpeall na bliana 1908 agus ghlac sé ceachtanna i bPáras agus phéinteáil roinnt pictiúr i dtuaisceart na tíre sin sa bhliain 1908. Is cosúil go raibh sé ina chónaí in Montreuil-Sur-Mer i ndeisceart na tíre ina dhiaidh sin, cé gur thaistil sé i bhfad agus i gcéin chomh maith. Thug sé go leor cuairteanna ar Éirinn chomh maith.

Phós William sa 1923 agus é ina chónaí in Montreuil-Sur-Mer. Bhíodh a theaghlach féin ina théama ina lán dá phictiúir ina dhiaidh sin. Thaispeáin sé a shaothar leis an salón i bPáras sa tréimhse seo. Taispeánadh roinnt dá shaother chomh maith mar chuid den Irish Exhibition a reáchtáileadh sa Bhruiséal sa bhliain 1930. D’imigh sé chun cónaí i Sasana sa bhliain 1932 agus bhí ina dhochtúir arís in ospidéal míleata thall. Lean sé leis ag péinteáil áfach. Tá eiseamláirí dá shaothar i mbailiúchán an Dublin City Gallery The Hugh Lane.

Catagóir: Beathaisnéisí Éireannacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint