about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Grey, Alfred

click to view fullsize



Alfred Grey (1845-1926)

Péintéir bisiúil tírdhreacha, tírdhreacha garbhchríche agus seilge a chleacht oladhath go mór mór ach a rinne saothair in uiscedhath chomh maith.

Rugadh agus oileadh é i mBaile Átha Cliath é agus ba é an péintéir Charles Grey (1808-92) ab athair dó. Bhí trí dheartháir déag aige agus deirfiúr amháin. Ealaíontóirí a bhí ina a dheartháireacha Malcolm Grey, (1841-1911), a phléigh leis an ngreanadóireacht adhmaid, Gregor Grey (fl.1870-1911), James Grey agus Edwin Landseer Grey. Bhí Alfred ar an duine is déanaí díobh chun bás a fháil.

Bhí an Marchioness of Londonderry agus Lord Powerscourt ina phátrúin ag a athair Charles Grey. D'iarr siad ar Charles a athair, radharcanna seilge agus sléibhe a phéinteáil dóibh agus rinne roinnt díobh in Éirinn agus tuilleadh in Albain. Thaistil seisean chuig Albain in éineacht le Alfred Grey a mhac a bhí ina phéintéir óg ag an am. Bíonn ba lárnach nó i láthair ina lán de phictúir Alfred agus cuireadh sonraíocht i seo le fada.

Bhí meas mór ag an mBanrríon Victoria ar a shaothar chomh maith agus d'iarr air radharcanna de chuid Gharbhchríocha na hAlban a phéinteáil di, rud a rinne sé.

Thosaigh sé ag glacadh páirt i dtaispeántas an Royal Hibernian Academy den chéad uair sa bhliain 1864 agus lean de seo gan bhearna go dtí an bhliain 1924. Toghadh ina fho-bhall den Royal Hibernian Academy sa bhliain 1869 agus ina bhall sa bhliain 1870. Fuair Alfred bás i mBaile Átha Cliath agus tá roinnt dá phictiúr sa Ghailearaí Náisiúnta.

Catagóir: Beathaisnéisí Éireannacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint