about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Grey, Charles

click to view fullsize



Charles Grey (c.1808-92)

Péintéir portráidí agus radharcanna d'ainmhithe, radharcanna seilge go mór mór.

Rugadh Charles ar an nGrianaig in Albain. Tháinig sé go Baile Átha Cliath nuair a bhí sé fós ina fhear óg. Is ar Albanaigh eile a bhí sé ag brath i dtús a ghairmréime abhus ach fuair sé cliantacht eile ar ball agus phéinteáil portráidí William Carlton; an scríbhneoir, Daniel O’Connell; an polaiteoir, George Petrie (1790-1866) an péintéir agus John Hogan (1800-58); an dealbhóir.

Bhí an Marchioness of Londonderry agus Lord Powerscourt ina phátrúin níos faide anonn agus phéinteáil sé a bportráidí. D'iarr siad ar Charles radharcanna seilge agus sléibhe a phéinteáil dóibh agus rinne roinnt díobh in Éirinn agus tuilleadh in Albain. Toghadh ina fho-bhall den Royal Hibernian Academy sa bhliain 1837 agus thosaigh ag taispeáint a shaothar leis an acadamh an bhliain sin. Toghadh ina bhall é sa bhliain 1845.

Bhí cónaí air in 4 Sráid Gairdinéir i mBaile Átha Cliath. Ceathrar mac déag agus iníon amháin a bhí mar chlann aige. Bhí cúigear dá chlann mhac ina ealaíontóirí: Alfred Grey, péintéir ainmhithe seilge (1845-1926), Malcolm Grey, (1841-1911), a phléigh leis an ngreanadóireacht adhmaid, Gregor Grey (fl.1870-1911) James Grey agus Edwin Landseer Grey.

Fuair Charles Grey bás i mBaile Átha Cliath agus bhí roinnt dá phictiúir ar thaispeántas an Royal Hibernian Academy sa bhliain 1893 tar éis a bháis.

Catagóir: Beathaisnéisí Éireannacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint