about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Grey, Gregor

click to view fullsize



Gregor Grey (fl.1870-1911)

Péintéir bisiúil radharcanna seánra de shaol na tuaithe agus éanlaith agus ainmhithe clóis agus tírdhreacha a chleacht oladhath go mór mór.

Rugadh in Albain é. Níl a fhios go cinnte cá háit ach b’as an nGrianaig dá athair an péintéir Charles Grey (1808-92). Bhí trí dheartháir déag ag Gregor agus deirfiúr amháin. Ealaíontóirí a bhí ina dheartháireacha Charles Malcolm Grey, (1841-1911), a phléigh leis an ngreanadóireacht adhmaid, Alfred Grey (1845-1926), péintéir ainmhithe seilge agus tírdhreacha Garbhchríocha, James Grey agus Edwin Landseer Grey.

Níl a fhios go beacht cathain a tháinig Gregor go hÉirinn ach ghlac sé páirt i dtaispeántas an Royal Hibernian Academy ón mbliain 1877 ar aghaidh. Thaispeáin sé leo go dtí an bhliain 1911, bliain a bháis. Bhí roinnt dá shaothar i dtaispeántas an Oireachtais sna blianta 1906 agus 1907.

Catagóir: Beathaisnéisí Éireannacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint