about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Grez-sur-Loing,

click to view fullsize



Scoil Grez-sur-Loing

École de Grez-sur-Loing. Is sráidbhaile agus commune é Grez-sur-Loing atá leathchéad míle taobh ó dheas de Chathair Phárais agus atá suite gar do Fontainebleau. Bhí cáil ar leith air mar choilíneacht ealaíne ó c. 1860 ar aghaidh.

Coilíneacht ealaíontóirí Bhéarla a bhí ann idir na blianta 1860 agus 1880 go mór mór nuair a lonnaigh a lán phéintéirí ó Éirinn, Albain, Sasana agus Meiriceá ann. D’iompaigh sé do bheith ina choilíneacht Lochlannacha de réir a chéile. Tháinig Roderic O'Conor (1860-1940) ann sa bhliain 1884 agus d’fhan ann go dtí an bhliain 1891 nuair a d’fhág sé í chun dul chun na coilíneachta in pont-aven sa Bhriotáin. Chaith Frank O'Meara (1853-88) aon bhliain déag ann, tréimhse níos faide ná an chuid is mó de na péintéirí eile. Rinne Sir John Lavery (1856-1941) an pictiúir An Droichead ag Grez sa bhliain 1884 nuair a thug sé cuairt ar Frank O’Meara ann. Bhunaigh sé stiúideo sa sráidbhaile cé nár chaith sé ach tréimhsí gairide ann agus d’éirigh mór leis an bpéintéir Franach Jules Bastien-Lepage (1848-84) rud a d’imir tionchar mór ar a stíl.

Péintéirí dearscnaitheacha eile a rinne cónaí i nGrez ba ea an Sasanach William Stott of Oldham (1857-1900) agus an péintéir Impriseanach Meiriceánach Robert Vonnoh (1858-1933).

I measc na Lochlannach a lonnaigh ann bhí Carl Larsson (1853-1919), Julia Beck (1853-1935), Georg Pauli (1855-1935), Karl Nordström (1855-1923), Christian Krogh (1852-1925), P.S. Kroyer (1851-1909). Ba i nGrez a bhuail an ealaíontóir Sualannach Carl Larsson lena bhean Karin Bergöö. Ní ealaíontóirí Iartharacha amháin a chur fúthu i nGrez d’fhan an ealaíontóir Seapáineach Kuroda Seiki (1866-1924) ann ón mbliain 1890 go dtí an bhliain 1892.

Catagóir: Míndána

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint