about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Grogan, Nathaniel

click to view fullsize



Nathaniel Grogan, (c. 1740-1807)

Péintéir bisiúil tírdhreacha, cathairdhreacha agus radharcanna seánra a rugadh i gCorcaigh agus chaith a shaol oibre mar phéintéir ina áit dhúchais. Aithnítear anáil Scoil na hÍsiltíre ar a shaothar.

Deileadóir a bhí ina athair agus thosaigh Nathaniel amach sa saol mar phrintíseach ceangailte dá athair. D’ainneoin sin deirtear gur mhó spéis ag Nathaniel san ealaín ná i gceird a athar. D’fhoghlaim sé féin líniú as a stuaim féim, rud a thug stíl fuinniúl dó. Tháinig sé chun aithne John Butts (c.1728-64) ar ball a thug roinnt teagaisc dó. Faoi thathaint a athar nó chun cur suas dó thréig Nathaniel a phrintíseacht agus liostáil in Arm Shasana. Rinne sé seirbhís i Meiriceá le linn Chogadh na Saoirse (1775-83) thall agus ar oileáin Mhuir Chairib. Tuairimítear go ndearna sé pictiúir i Meiriceá ach nach bhfuil siad ar eolas anois.

Chaith sé tamall i Londain tar éis a thréimhse in Arm Shasana sular fhill sé ar Chorcaigh. Chleacht sé gairm an phéintéara ansin ag obair in oladhath agus in uiscedhath agus ag déanamh greandóireachtaí. Cathairdhreacha de Chorcaí is mó a chleacht sé. Thuill sé sé aghaidh mionuaisle agus uaisle na háite a bhailigh a shaothar le fonn agus tá aghaidh ar a shaothar fós.

Taifead tábhachtach ar stair Chorcaí atá i roinnt dá phictiúir ar nós Radharc de Chorcaigh (1780). Áirítear an phictiúr Báid ar an Laoi gar do Tivoli (Gailearaí Náisiúnta) mar a shárshaothar. Lean Nathaniel agus Joseph, beirt dá chlann mhac de ghairm a n-athar.

Catagóir: Beathaisnéisí Éireannacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint