about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Hagia Sophia

click to view fullsize

Eaglais na hEagna Naofa i gCathair Chonstaintín a áirítear mar bhuaicphointe na hailtireachta Biosantaí agus ar cheann de na foirgnimh is iontaí ar domhain.

An tImpire Justinian (532-37) a d’ordaigh a dhéanamh agus chuir sé beirt ailtirí, Anthemios ó Tralles agus Isidoros ó Miletus os cionn na fóirne a thóg an eaglais. Bhí céad ailtirí agus deich míle oibrí ag obair uirthi ar feadh cúig bhliain agus deich mí ó 532-537 A.D..

Rinne na hailtirí bonnchló an bhaisleaca agus an cruinnteach a chóimeál agus chuir siad cruinneachán os a chionn atá 34.6m trasna. Tá an struchtúr tionscantach seo ar fad ina luí ar cheithre phiaraí ollmhóra. Tá ocht leathchruinneachán in éineacht leis an mórchruinneachán mar chuid den struchtúr. Níor baineadh feidhm as moirtéal ach as luaidhe leáite chun a lán de na clocha móra gaineamhchloiche as a bhfuil sé tógtha a cheangail le chéile. Bhí an taobh istigh clúdaithe le mosáicí.

Tógadh an eaglais ar fhorais eaglaise eile ar an láthair, baisleac ina raibh meánlann agus ceithre taobhranna, a scriosadh céad bliain roimhe. Baineadh feidhm as clocha ó theampaill págánacha agus foirgnimh clasaiceacha ó Baalbek, Ephesus, Delphi agus Heliopolis.Thit cuid mhór den chruinneachán isteach sna blianta 553-7 A.D. agus rinneadh athchóiriú iomlán air ag tosú 558 A.D. agus rinneadh coisriceadh úr uirthi i 563 A.D.. Bhí critheanna talún i 869 A.D. agus 986 A.D. agus athchóiríodh an cruinneachán go mór arís agus láidríodh an struchtúr ar fad. Rinneadh athchoisriceadh ar an eaglais don tríú uair i 994 A.D.. Rinneadh mosc den eaglais i 1453 trí lá tar éis do na Turcaigh an chathair a ghabháil. Cuireadh sraith de phlástar ar na mosaící agus cuireadh ceithre mhiontúr leis an Eaglais.

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint