about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Haida

click to view fullsize

Cine Meirindiach atá lonnaithe ar chósta IarThuaisceart Cheanada atá sna Haida.

Tá cáil forleitheadúil orthu de bharr a gcuid snoíodóireachta polacrómatach in adhmad agus i scláta agus a ndealbha i miotal maille lena saothair fíodóireachta.

Tá cáil faoi leith ar a gcuid cuaillí uaighe (cuaillí tótaim) agus a dtithe Tótaim.

Tá a lonnaíochtaí lárnaithe ar Oileáin na Banríona Charlotte in British Columbia.

Tugann siad féin Haida Gwaii, oileáin na ndaoine ar a gceantar dúchais. Áirítear an tréimhse c.1850-1900 mar ré órga dá gcuid ealaíona nuair a bhí líon mór ealaíontóirí ann agus margadh úr sa chine geal ar fáil.

Bhí na healaíontóirí Haida in ann dearaí nuálacha a dhéanamh ag cloí le prionsabail Haida ag an am céanna. Ach tharla titim tubaisteach ar a ndaonra ag tús an fhichiú chéid.

Is iad Charles Edenshaw (an Taoiseach Tahayghen) agus Bill Reid na healaíontóirí is fear aithne.

Pictiúr : Haida, feistis deireadh an 19ú céad. Denver Art Museum, Denver, Colorado.

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint