about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Hallenkirche

click to view fullsize

Téarma Gearmáinise a chiallaíonn halla-eaglais agus a thagraíonn d’eaglais ina mbíonn na taobhranna ar chomhaideleis leis an an meánlann.

B’fhéidir an meánlann agus na taobhranna a chur faoi aon díon amháin ar an mbealach seo murab ionann agus sa ghnáthbhaisleac ina mbíonn na taobhranna níos ísle lena ndíonta féin.

Forbraíodh eaglaisí den chineál seo sa ré Rómhánúil san aonú céad déag A.D. i gceantar an Auvergne agus i Westfalia agus bhí ráchairt orthu sa dóú chéad déag. Rinne na hoird crábhaidh déirce a gcuid féin den chineál seo eaglaise i ré an Ghotachais agus d’éirigh siad níos mó ag deireadh an ré sin. Tugadh predigtkirche, eaglais seanmóireachta orthu sa Ghearmáin chomh maith.

Pictiúr : Radharc de mheánlann Eaglais San Maria zur Wiese i gcathair Soest. Baineann an eaglais leis an chéad leath den cheathrú céad déag.

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint