about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Hallstatt

click to view fullsize

Cultúr Hallstatt

Cultúr Ceilteach arbh é an chéad chultúr Iarnaoiseach é in Iarthar agus lár na hEorpa. Ainmnítear é ó shuíomh san Salzkammergut san Ostair. Tugtar an Luath-Iarannaois air chomh maith.

Tá an Cultúr Hallstatt díorthaithe ó Chultúr na Próca-Reilgí, cultúr a bhain leis an gCré-Umhaois dhéanach a chuaigh roimhe. Tá leanúnachas láidir idir an dá chultúr. Mhair cultúr Hallstatt ó c.800 R.Ch. go c.450 R.Ch. Stíl gheoiméadrach agus ainmhithe stílithe a thréithríonn é, stíl a tháinig chun foirfeachta sa tréimhse La Téne a lean é.

Leath an cultúr ó Oirthuaisceart na Fraince go dtí na Balcáin agus déantar deighilt idir leagan Oirthearach a chlúdaigh an Chróáit, an Slóivéin, Iarthar na hUngáire, an Slóváic agus Moravia agus leagan Iartharach de a chlúdaigh Oirthear na Fraince, Deisceart na Gearmáine, an tSeice an Eilbhéis agus Tuaisceart na hIodáile. Aithnítear a lán stíleanna áitiúla eile uirthi chomh maith agus ceithre thréimhse aoise. Leath an cultúr isteach in Éirinn, an Bhreatain agus an Ibéir.

Tá a lán fianaise ar fáil maidir le trádáil agus faightear criadóireacht Ghréagach go minic in éineacht le déantáin Hallstatt. Chuirtí na huaisle faoi thulaigh uaireanta i dteannta carbaid agus trealamh capaill, ag Vix, Hochdorf agus Bycí Skalá mar shampla. Bhíodh ceardlanna istigh i ndúnta a bhíodh suite ar mhullach cnoic go minic, eiseamláir díobh seo is ea Heuneburg, Mont Lassois, Vix agus Molpir. Bhí na dúnta anchosúil le bailte na meán-aoiseanna sa cheantar céanna. Tréigeadh na dúnta seo ag deireadh an tréimhse.

Seodóireacht chasta déanta as ór, cré-umha, soithigh, clogaid, claímhthe is mó a léiríonn an stíl. Maireann DEALBHA cloiche chomh maith. Bhí an gné fíortha den ealaín ag forbairt an t-am ar fad agus maireann roinnt dealbha ADHMAID chomh maith. Tá na déantáin cré-umha faoi mhaisiú cruain ar na samplaí is sine den cheird seo atá ar marthain.

Pictiúr : Masc agus lámha cré-umha, 7ú céad R.Ch. Cultúr Hallstatt, Landesmuseum Joanneum, Graz, Ostair.

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint