about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Hamilton, Eva

click to view fullsize



Eva Hamilton, (1876-1960)

Péintéir portráidí agus tírdhreacha in uiscedhath agus in oladhath.

Rugadh Eva Henrietta i nDún Bóinne i gContae na Mí agus ba dheirfiúr beag di Letitia Hamilton (1878-1964) péintéir eile. Hamwood an t-ainm a bhí ar theach an teaghlaigh a bhí go maith as. Col ceathrar di ba ea an péintéir Rose Maynard Barton (1856-1929).

Cuireadh scolaíocht ar Eva in Alexandra College i mBaile Átha Cliath. Bhí spéis san ealaín aici agus thosaigh sí ag péinteáil pictiúir nuair a bhí an scoil críochnaithe aici. Thaispeáin sí leis an Water Colour Society of Ireland den chéad uair sa bhliain 1898 agus bhí dhá phortráid óna láimh i dtaispeántas an Royal Hibernian Academy na bliana 1904. Bhí a saothar mar chuid den taispeántas de shaothar phéintéirí na hÉireann a reáchtáileadh sa Guildhall i Londain sa bhliain 1904.

Thosaigh a deirfiúr Letitia, a bhí dhá bhliain níos óige ná í ag freastail ar an Metropolitan School of Art sa bhliain 1907 agus lean Eva a sampla. Bhí sí measartha sean chuige seo ach níor chuir sé aon bhac uirthi. Bhí William Orpen (1878-1931) ina theagascóir aici agus chuaigh sé i bhfeidhm a cuid ealaíne go mór. Rinne sí tuilleadh staidéir faoi Frank Brangwyn (1867-1956) sa Bheilg agus sa Slade School of Fine Art i Londain.

Ar ais in Éirinn di bhí Eva páirteach in imeachtaí ealaíne a linne. Bhí sí ar dhuine díobh siúd a bhunaigh an Society of Dublin Painters sa bhliain 1920. Cumann taispeántais a bhí ann agus i measc na mball eile bhí Paul Henry (1876-1959) agus a bhean Grace Henry-Mitchel (1868-1953), Letitia Hamilton a deirtfiúr, Jack B.Yeats (1871-1957), Mary Swanzy (1882-1978), Clare Marsh (1874-1923), Harry Clarke (1889-1931), Mainie Jellett (1897-1944), agus Charles Lamb (1893-1964).

Thaispeáin sí leis an Exhibition of Living Art, buíon taispeántais eile a cuireadh ar bun sa bhliain 1943 agus a mhair go dtí an bhliain 1987.

Bhí Eva agus Letitia a deirfiúr saibhir go leor ionas nár ghá dóibh pictiúir a dhíol nó post a ghlacadh. Thaistil, phéinteáil agus thaispeáin an bheirt le chéile. Thaispeáin Eva a saothar thar lear chomh maith, san Exhibition of Irish Art sa Bhruiséal sa bhliain 1930 agus i Learpholl agus i Londain chomh maith. Portráidí is mó a rinne sí, a lán acu de bhaill a teaghlaigh, ach phéinteáil sí tírdhreacha de Contaetha an Chláir, Chorcaí, Chiarraí agus Muigh Eo.

Toghadh ina ball den Royal Hibernian Academy í sa bhliain 1944. Tá eiseamláirí dá saothar sa Ghailearaí Náisiúnta agus i Musaem Uladh.

An Pictiúr: Páistí ag Inbhear Domhnann, uiscedhath, Eva Hamilton

Catagóir: Beathaisnéisí Éireannacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint