about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Hamilton, Hugh Douglas

click to view fullsize



Hugh Douglas Hamilton (1740-1808)

Portráidí bisiúil cáiliúil ina linn féin agus bíonn meas an péintéir is fearr air chun teacht amach as choilíneacht Shasana in Éirinn ag roinnt criticeoirí.

Rinne sé an chuid is mó dá shaothar luath i bpastail agus achuid déanach in oladhath. Rugadh Hugh i Crowe Street i mBaile Átha Cliath agus déantóir peiriúcanna a bhí ina athair. D’fhreastail sé ar Scoil Líníochta an Dublin Society áit a raibh Robert West (?-1770) mar oide aige nuair a bhí aon bhliain déag d’aois. Chríochnaigh a théarma sa scoil sa bhliain 1756.

Chuir a scil sa líníocht iontas ar chách agus fostaíodh é in oifig fear déanta léarscáileanna. Maireann roinnt líníochtaí a rinne sé mar chuid den obair sin. Bhí ráchairt ar leith chomh maith ar na portráidí beaga i bpastail a dhéanadh Hugh chomh maith agus bhí daoine móra sa choilíneacht Shasanach ar nós Thomas Conolly (1734-1803) agus an teaghlach baincéireachta La Touche ina phátrúin aige.

D’imigh Hugh go Londain timpeall na bliana 1764 agus thuill aghaidh an phobail agus aghaidh Theaghlach Ríoga Shasana ansin lena phortráidí i bpastail chomh maith. Fuair sé an deis a shaothar a thaispeáint leis an Society of Artists thall. Chaith Hugh tuairim is cúig bhliana i Sasana sula ndeachaidh sé don Iodáil sa bhliain 1779.

Chaith sé tamall fada san Iodáil, dhá bhliain déag caite sa chuid is mó sa Róimh agus i bhFlórains. Bhí pearsantacht ghnaoiúil aige agus shnaidhm sé cairdas leis an ealaíontóir Iodálach Antonio Canova (1757-1822), an dealbhóir Sasanach, John Flaxman (1755-1826), an tAlbanach Gavin Hamilton (1723-98) agus Henry Tresham (c. 1751-1814) ó Bhaile Átha Cliath. Pastail is mó a bhí á chleachtadh ag Hugh go dtí sin ach thosaigh sé ag in oladhath i bhfad níos mó. Rinne sé amhlaidh agus ba mhór an gar dó é.

Uaisle Shasana ar an Grand Tour is mó a bhí mar phátrúin aige san Iodáil. Fuair sé pátrúnacht Frederick Augustus Hervey, 4ú Iarla Briostó (1730-1803) agus Easpag Dhoire mar shampla.

Bhí Hugh ar ais i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1792 agus bhí ráchairt ar a shaothar. Phéinteáil sé portráidí an Tiarna Lord Edward Fitzgerald (1763-98), John Philpot Curran (1750-1815), Richard Mansergh St. George (1756/9-98), Richard Lovell Edgeworth MP (1744-1817). D’éirigh Hugh as an bpéintéireacht lánaimseartha sa bhliain 1804 toisc go raibh a shláinte ag teip air. Tá roinnt dá shaothair sa Ghailearaí Náisiúnta agus áirítear ceann díobh HenryTresham agus Canova ag amharc ar Ciúipid agus Sícé (c. 1791) ar a shárshaothar.

An Pictiúr: Hugh Douglas Hamilton (1789) Frederick Augustus Hervey, 4ú Iarla Briostó (1730-1803) agus Easpag Dhoire, i gcuideachta a ghariníon, Gailearaí Náisiúnta

Catagóir: Beathaisnéisí Éireannacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint