about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Hamilton, Letitia

click to view fullsize



Letitia Hamilton, (1878-1964)

Péintéir portráidí agus tírdhreacha in uiscedhath agus in oladhath.

Rugadh Letitia Marion (May) i nDún Bóinne i gContae na Mí agus ba dheirfiúr mór di Eva Hamilton (1876-1960) péintéir eile. Hamwood an t-ainm a bhí ar theach an teaghlaigh a bhí go maith as. Col ceathrar dóibh ba ea an péintéir Rose Maynard Barton (1856-1929).

Cuireadh scolaíocht ar Eva in Alexandra College i mBaile Átha Cliath. Thaispeáin sí leis an Water Colour Society of Ireland sa bhliain 1902 den chéad uair agus lean a cheangal leis an gcumann go dtína bás sa bhliain 1964. Reáchtáil an Water Colour Society of Ireland taispeántas aonair dá saothar sa bhliain 1912. Thosaigh Letitia ag freastail ar an Metropolitan School of Art sa bhliain 1907 agus ba ghairid gur lean a deirfiúr Eva a bhí dhá bhliain níos sine, a sampla.

Bhí saothar ó láimh Letitia i dtaispeántas an Royal Hibernian Academy den chéad uair sa bhliain 1909 agus thaispeáin leo ar feadh a saoil uile. Bhí William Orpen (1878-1931) ina theagascóir aici ach ní dheachaidh a thionchar i bhfeidhm ar a stíl. Chleachtadh sí tírdhreacha a phéinteáil faoi bhéal an aeir. Bhaineadh sí feidhm as impasto tiubh leata le scian go minic. Rinne sí tuilleadh staidéir faoi Frank Brangwyn (1867-1956) sa Bheilg agus sa Slade School of Fine Art i Londain ina dhiaidh sin.

Bhí Letitia, i dteannta a deirfiúir Eva orthu siúd a bhunaigh an Society of Dublin Painters sa bhliain 1920. Cumann taispeántais a bhí ann agus i measc na mball eile bhí Paul Henry (1876-1959) agus a bhean Grace Henry-Mitchel (1868-1953), Jack B.Yeats (1871-1957), Mary Swanzy (1882-1978), Clare Marsh (1874-1923), Harry Clarke (1889-1931), Mainie Jellett (1897-1944), agus Charles Lamb (1893-1964).

Bhí saothar óna láimh i dtaispeántas an tSalóin i bPáras idir na blianta 1925 agus 1928 agus i Londain. Thaispeáin sí leis an Exhibition of Living Art, buíon taispeántais a cuireadh ar bun sa bhliain 1943 agus a mhair go dtí an bhliain 1987. Cé gur péintéir tírdhreacha a bhí inti go príomha chleachtadh sí aistí seilge chomh maith. Bhí taispeántas aonair aici sa bhliain 1951 ag an Dublin Painters Gallery. Toghadh ina ball den Royal Hibernian Academy í sa bhliain 1944.

Tá eiseamláirí dá saothar sa Ghailearaí Náisiúnta agus i Musaem Uladh agus ina lán bailiúchán eile ar fud na tíre.

An Pictiúr: Lá an aonaigh i gCúil an tSúdaire, uiscedhath, Letitia Hamilton

Catagóir: Beathaisnéisí Éireannacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint