about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Hare, St George

click to view fullsize



St George Hare, (1857-1933)

Péintéir radharcanna seánra agus scéaltacha agus nochtanna anghrácha i stíl an Acadúlachais. Shaothraigh sé in oladhathanna agus in uiscedhathanna. Rugadh i Luimneach é ach chaith sé an chuid is mó dá ghníomhréim i Sasana.

Fiaclóir ó Shasana a bhí ina athair. Oileadh St George sna healaíona ag an scoil ealaíne i Luimneach áit a raibh Nicholas A Brophy - bhí ina mháistir ar an scoil idir na blianta 1860 agus 1911, achar dochreidte - ina theagascóir aige. Trí bhliana a chaith sé ansin ach d’imigh sé iar sin sa bhliain 1875 anonn chuig na scoileanna ealaíne i South Kensington i Londain agus chaith seacht mbliana eile ag staidéar iontu.

Thaispeáin sé leis an Rotal Hibernian Academy sa bhlian 1881 den chéad uair. Is é a phictiúr staire Bás Liam Concais an chéad saothar dá chuid a tharraing aird an phobail air i Sasana. Thaispeáin sé é i dtaispeántas an Royal Academy na bliana 1886 agus bhuaigh sé bonn óir ar a shon. Thaispeáin sé le forais mhóra eile Shasana, an Royal Institute of Painters, the Royal Institute of Oil Painters, an Royal Society of Artists i gcathair Birmingham chomh maile, maille le h-ionaid phríobháideacha.

Ní raibh a shaothar gan chonspóidí thart air ó am go chéile. Is éard a bhí ina phictiúr Bua an Chreidimh (1890) ná samhail de bheirt chailíní nochta ina luí le chéile ar sop tuí, cailín den chine geal a bhí i nduine acu agus cailín den chine gorm an duine eile. Shíl roinnt de na breathnóirí agus de na léirmheastóirí go raibh an pictiúr gáirsiúl ach is cosúil nach ndearna seo aon dochar dá ghníomhréim.

Bhí baint aige le cumainn éagsúla ar nós an Chelsea Arts Club - bhí sé ar lucht bhunaithe an chumainn seo sa bhliain 1891. Toghadh mar bhall é den Royal Institute of Painters in Watercolour agus den Royal Institute of Oil Painters. Tá samplaí dá shaothar sa Ghailearaí Náisiúnta agus i mbailiúchán an Royal Hibernian Academy agus i Luimneach maille le háiteanna eile in Éirinn agus i Sasana agus corr-áit níos faide ó bhaile.

Catagóir: Beathaisnéisí Éireannacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint