about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Haverty, Joseph Patrick

click to view fullsize



Joseph Patrick Haverty (1794-1864),

Péintéir bisiúil pictiúir seánra, portráidí agus tírdhreacha. Rugadh Joseph Patrick Haverty i gCathair na Gaillimhe é. Caitliceach de bhunadh na tíre a bhí ann rud eisceachtúil go maith in Éirinn a linne féin agus go ceann tamaill fada ina dhiaidh. Is cosúil gur i nGaillimh a oileadh Haverty mar phéintéir. Sheol sé pictiúir sa bhliain 1814 lena a thaispeáint san Hibernian Society of Artists i mBaile Átha Cliath agus thuill seo aghaidh an phobail dó.

D’éirigh go maith le Haverty sna taispeántais i mBaile Átha Cliath ina dhiaidh sin agus rinneadh fo-bhall den Royal Hibernian Academy de.

D’imigh sé chun cónaithe i Baile Átha Cliath sa bhliain 1815. Rinne sé cónaí ar feadh tréimhse ina dhiaidh sin i Luimneach agus samhlaítear leis an gcathair sin é. Samhlaítear a phictiúr; an Píobaire Dall i.e. Pádraig Ó Briain leis an gcathair sin ionas go dtugtar Píobaire Luimnigh mar ainm air chomh maith. Phéinteáil Haverty an chéad leagan de sa bhliain 1844 agus taispeánadh mar chuid de Cork Exhibition na bliana 1852 é. Chonaic William Smith-O'Brien an pictiúir lena linn sin agus d’iarr sé ar Haverty pictiúr eile de a dhéanamh dó agus bhronn an pictiúr sin ar an nGailearaí Náisiúnta sa bhliain 1864. Bhí Ráchairt iontach ar an samhail sa tír sa naoú céad déag agus rinneadh go leor liteagrafanna den bhunphictiúr rud a chinntigh scaipeadh forleathan air.

Tá cáil ar na portráidí éagsúla a rinne Haverty de Dhónaill Ó Conaill. Tá an ceann is táscmhaire díobh sa Reform Club i Londain a raibh Ó Conaill ina bhall de. Tá portráid eile de Ó Conaill sa Ghailearaí Náisiúnta.

Tháinig seánra de Phéintéireacht Salóin chun cinn sa naoú céad déag ar a dtugtar scéalphéintéireacht de ghnáth. Léiríodh téamaí a bhí a bheag nó a mhór liteartha agus scéaltach ar bhealach maoithneach. Sampla maith de seo is ea an pictiúr An Gealltóir a Loic le Haverty (1794-1864) atá sa Ghailearaí Náisiúnta chomh maith. Síleadh riamh go raibh bua iontach ag Haverty i léiriú páistí agus tugtar gean do seo fós.

Chaith Haverty sealanna fada i mbun oibre i mBaile Átha Cliath, i nGaillimh agus i Londain. Fuair sé bás i mBaile Átha Cliath agus is i Reilg Ghlas Naíon atá a uaigh.

Catagóir: Beathaisnéisí Éireannacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint