about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Hayes, Claude

click to view fullsize



Hayes, Claude Hayes (1852-1922)

Péintéir portráidí agus tírdhreacha. Ba mhac é don phéintéir radharcanna mara Edwin Hayes (1819-1904).

Rugadh Claude i mBaile Átha Cliath ach ní raibh sé ach ina leabh nua-bheirthe nuair a thóg a athair eisean agus an teaghlach anonn go Londain. Léirigh Claude óg spéis san ealaín ach cabhair ar bith a thug a athair dó sa treo seo. D’éirigh idir eisean agus a athair nuair a bhí sé ina stócach sna luathdéaga agus theith sé ón teaghlach agus fuair obair ar bord loinge. Chaith sé bliain ag obair sna Stáit Aontaithe mar chuid den eachtra seo.

Chinn Claude ar ghníomhréim san ealaín nuair a bhí sé thar lear. D’fhill sé ar Londain agus d’fhreastail ar Heatherley's School of Art i London ar dtús agus ar scoileanna an Royal Academy ar feadh trí bhliana. Chuir sé an dlaoi mullaigh ar a chuid oiliúna trí tréimhse a chaitheamh san Académie Royale des Beaux Arts i gcathair Antwerp na Beilge faoi Karel Verlat (1824-90).

Portráidí in oladhath is mó a chleacht sé i dtús a ghníomhréime ach tírdhreacha in uiscedhath a chleacht sé ar ball. Thaipeáin sé leis an Royal Hibernian Academy de chéad uair sa bhliain 1874. Thaispeáin sé leis an Royal Academy i Londain ar feadh a ghníomhréime ar fad ag tosú dó sa bhliain 1876.

Tugadh aitheantas dó as a shaothar. Toghadh ina bhall den Royal Institute of Oil Painters é sa bhliain 1886 agus den Royal Institute of Painters in Water Colours sa bhliain 1883 agus i bhforais eile. Thaispeáin Claude a shaothar sa bhliain 1907 sa New Dudley Gallery i Londain in éineacht le Mildred Anne Butler (1858-1941), William Percy French (1854-1920) agus William Bingham McGuinness (1849-1928). Thaispeáin sé ina lán áiteanna sa Bhreatain agus in Éirinn chomh maith.

D’ainneoin sin bhí Claude ar an ngannchuid cheal airgid agus é ag dul in aois agus an tsláinte ag teip air agus aitnítear gur fhulaing a shaothar dá dheasca. Fuair sé bás i Hampshire.

Catagóir: Beathaisnéisí Éireannacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint