about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Hayes, Edwin

click to view fullsize



Edwin Hayes, (1819-1904)

Péintéir bisiúil muirdhreacha, báid agus tírdreacha in uiscedhath agus in oladhath. Rinne sé a lán dá shaothar i bhformáidí measartha beag agus phéinteáil sé radharcanna ar imeallbhoird na hÉireann, Shasana, na Fraince, na Spáinne agus na hIodáile. Níl mórán éagsúlacht ina shaothar. Bhí sé in ann rud amháin a dhéanamh go rí-maith agus níor tháinig aon athrú air le himeacht aimsire agus rinne sé é ar feadh a shaoil fhada.

Rugadh Edwin i mBriostó Shasana agus tháinig sé go Baile Átha Cliath nuair a bhí sé thart ar trí bhliana déag d’aois nuair a fuair a athair fostaíocht ann ag bainistiú óstáin. Ba de bhunadh na hÉireann a athair ar aon nós.

Oileadh Edwin san ealaín ar scoileanna an Dublin Society. Bhí an oiread sin spéis aige sa mhuirphéintéireacht, rud a bhí le feiceáil ann a luaithe agus a thosaigh sé ar an scoil agus é meáite ar eolas cruinn a fháil ar chúrsaí loingeoireachta agus mara gur shaothraigh sé mar stíobhard ar thuras loinge idir Éirinn agus Meiriceá.

D’fheidhmigh Edwin mar óstánaí ar feadh na mblianta in éineacht leis an bpéintéireacht. Fuair sé luamh dá chuid féin ar ball agus rinne a lán pictiúir óna ndroim ag seoladh thart ar imeallbhoird na tíre, rud a mhíníonn a lán de na formáidí beaga a chleacht sé. Seasann a thuiscint ar longa agus ar an bhfarraige lena shaothar i gcónaí.

Chuir Edwin a shaothar ar taispeáint leis an Royal Hibernian Academy den chéad uair sa bhliain 1842 agus lean den nós seo leo ar feadh a shaoil uile. D’imigh sé go Londain sa bhliain 1852 agus chuaigh ag obair do phéintéir mór le rá don stáitse darbh ainm William Telbin (1815-73).

Ceapadh Edwin ina fho-bhall de Royal Hibernian Academy sa bhliain 1853 an bhliain dar gcionn. Ní raibh moill ró-mhór ar Edwin a mhuirdhreacha a chur i dtaispeántais chéimiúla Shasana. Thosaigh sé amach leis an British Institution sa bhliain 1854 agus an Royal Academy sa bhliain 1855. Thaithigh sé an Society of British Artists agus an Royal Institute of Painters in Watercolours ina dhiaidh sin. Rinneadh fo-bhall den Institute de sa bhliain 1860 agus ball de sa bhliain 1863. Rinneadh ball den Royal Hibernian Academy de sa bhliain 1871.

Ní dhearna sé cónaí in Éirinn arís ina shaol agus thug sé go leor cuairteanna ar an tír. Thaistil sé don mhór-roinn agus rinne muirdhreacha agus radharcanna imeallbhoird ansin sa Fhrainc, sa Spáinn agus san Iodáil. Péintéir a bhí ina mhac Claude Hayes (1852-1922).

An Pictiúr: 1862, Fear i bhfarraige!, Edwin Hayes, Gailearaí Náisiúnta, Baile Átha Cliath

Catagóir: Beathaisnéisí Éireannacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint