about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Hayes, Michael Angelo

click to view fullsize



Michael Angelo Hayes, (1820-77)

Péintéir a bhain cáil amach ar son a eachphictiúir agus a radharcanna míleata agus ar son a phictiúir de shaighdiúirí in éide.

Rugadh Michael Angelo Hayes i bPort Láirge agus péintéir a bhí ina athair Edward Hayes (1797-1864) chomh maith a dhéanadh portráidí i bhformáidí beaga agus in uiscedhath. Fuair Michael Angelo a chéadoiliúint sa phéintéireacht óna athair. D’fhreastail sé ar scoil an Royal Hibernian Academy i mBaile Átha Cliath ina dhiaidh sin.

Péintéir eachphictiúir a bhí ann ar dtús agus d’fhan sé ceanúil ar radharcanna ina mbíodh capaill fiú nuair a chas sé ar chathphictiúir agus radharcanna míleata. Bhain sé cáil buan amach dó féin i gcuimhne an phobail tríd an sraith de sé ghreanadóireachtaí ag léiriú seirbhís cóistí Bianconi a rinne sé sa bhliain 1836. Rinneadh greanadóireachtaí de chathairdhreacha dá chuid chomh maith. Is in uiscedhath chomh maith le holadhath fiú i bhformáidí móra a rinne a chathdhreacha agus a radharcanna míleata.

Bhí Michael Angelo Hayes páirteach i gconspóidí ealaíne a linne. Cé gur thaispeáin sé a shaothar leis an Royal Hibernian Academy ar feadh a shaoil bhí sé ar dhuine den naonúr a chuir an Society of Irish Artists ar bun sa bhliain 1842. Iarracht a bhí sa chumann taispeántas a chur ar bun nach mbeadh ach saothar ealaíontóirí ó Éirinn á taispeáint ann murab ionann agus an Royal Hibernian Academy. Bhí muintir Brocas, Martin Cregan, William Guy Wall (1792-1864) agus t-ailtire Patrick Byrne ar na bunaitheoirí chomh maith agus bhíodh a dtaispeántais á reáchtáil i Sráid an Choláiste i mBaile Átha Cliath. Scoir an cumann sa bhliain 1849.

Thit cúrsaí an Royal Hibernian Academy in anchaoi de dheasca an Ghorta Mhóir go mór mór agus mhol Martin Cregan (1788-1870) a bhí ina uacharán air ag an am agus Michael Angelo Hayes (1820-77) rún leasaithe ar an acadamh sa bhliain 1858. Theip ar an rún agus d’éirigh Martin Cregan as an acadamh ar fad cé nár lean Michael Angelo a shampla.

Catagóir: Beathaisnéisí Éireannacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint