about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Healy, Michael

click to view fullsize



Michael Healy (1873-1941)

Ealaíontóir fíortha i ngloine dhaite agus péintéir. Rugadh i mBaile Átha Cliath é ach fuair a athair bás nuair a bhí Michael fós ina pháiste. Bhí cumas maith línithe ann ina óige agus d’fhreastail sé ar an Metropolitan School of Art sa bhliain 1897. Nuair a bhí a chúrsa bliana istigh ansin thug sé a aghaidh ar Londain i ndúil go bhfaigheadh sé post mar mhaisitheoir. Níor éirigh leis san fhiontar seo agus d’fhill sé ar Bhaile Átha Cliath.

D’fhreastail sé ar scoileanna an Royal Hibernian Academy sa bhliain chéanna 1898 agus chuir barr feabhais ar a chumas líníthe agus ag buachtaint duais ar son na líníochta ón mbeo.

Chuaigh sé ag obair don iris The Irish Rosary mar mhaisitheoir ag an am seo. D’aithin an Sagart H. S. Glendon OP eagarthóir na hirise an mianach a bhí ann agus rinne sé na socraithe ionas go raibh sé in ann taistil sa bhliain 1898 chuig cathair Flórains na hIodáile agus staidéar a dhéanamh faoi Gaultiero De Bacci-Venuti (1857-1938). Snadhmadh caradas idir an bheirt, an t-ollamh agus a dhalta. I measc na n-ábhar a bhí faoi staidéar ag Michael ansin bhí gloine dhaite, múrphictiúir agus saothar Piero della Francesca. D’fhágadh an tréimhse seo tionchair ar a shaothar uile.

D’fhill sé ar a chuid oibre i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1901 leis an The Irish Rosary cé nach raibh seo ar bhonn lánaimseartha anois. Chaith Michael tréimhse ghairid ag teagasc scoile sa bhliain 1903 i gColáiste na nDoiminiceánach ar an Droichead Nua ach ní raibh sé ar a shástacht leis an gcineál seo oibre. Iarradh air bheith ina bhall den chomharchumann; an Túr Gloine sa bhliain chéanna sin. Thug A.E.Child (1875-1939) breis oiliúna dó i gceard an ghloine dhaite agus is é Fuinneog Theachtaireacht an Aingil in Ardeaglais Bhréanainn Bhaile Locha Riach an chéad choimisiúin i ngloine dhaite a chuir sé i gcrích agus é sin sa bhliain 1903.

Bronnadh coimisiún mór air agus chaith sé furmhór na tréimhse idir na blianta 1906 agus 1911 in Inis Ceithleann ag cruthú fuinneoga do Chlochar na Trócaire ann. Saothair i ngloine dhaite is mó a bhí ar a úidh ón am seo feasta. Baineann múrphictiúr in oladhath, an Saolú Íosa in Eaglais Mhichíl ar an mbaile céanna leis an tréimhse chéanna. Ní dhearna sé saothar eile den saghas seo riamh.

Gnóthadóir breá a bhí ann agus chuir os cionn deich bhfuinneog agus trí fichid i gcrích in Éirinn agus tuilleadh thar lear sna Stáit Aontaithe, Ceanada, Nua Shéalainn agus Sasana. Rinne Michael roinnt pictiúir in oladhath agus thaispeáin leis an Royal Hibernian Academy iad sna blianta 1913 agus 1914.

Bhí Michael ag obair ar fhoireann de shé fhuinneog ghloine dhaite ar théama na seacht ndólás nuair a fuair sé bás i mBaile Átha Cliath. D’éirigh leis trí cheann acu a chríochnú agus chríochnaigh Evie Hone (1894-1955) an chuid eile acu. Tá sé curtha i Reilg Chnoc Iaróim.

An Pictiúr: Fuinneog Naomh Antaine, Ardeaglais Bhaile Locha Riach, Michael Healy, gloine dhaite

Catagóir: Beathaisnéisí Éireannacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint