about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Henry, Grace

click to view fullsize



Grace Henry, (1868-1953)

Péintéir tírdhreacha, portráidí agus bláthanna a rugadh in Albain gar do Abair Dheathainn. Emily Grace Mitchell a h-ainm roimh phósadh di agus oileadh sa phéintéireacht í san Acadamh Blanc Garrins sa Bhruiséal agus san Acadamh Delecluse agus faoi André Lhote (1885-1962) i bPáras. Bhuail Grace leis an bpéintéir Paul Henry den chéad uair sa bhliain 1900 i bPáras.

Phós an bheirt acu i Londain sa bhliain 1903 agus chuir fúthu ansin. Thaispeáin an bheirt acu leis an Royal Academy Academy, an Fine Art Society agus gailearaithe príobháideacha. Ba sa bhliain 1910 a thosaigh sí ag taispeáint leis an Royal Hibernian Academy den chéad uair. Ar mholadh óna gcara Robert Lynd thug Grace agus a fear céile cuairt ar Oileán Acla sa bhliain 1912. Ní raibh sé i gceist acu ach saoire a chaitheamh ann ach d’imigh saol mhuintir na háite agus áilleacht na háite chomh mór sin i bhfeidhm orthu gur fhan siad seacht mbliana ann.

D’aistrigh Grace agus fear céile go Baile Átha Cliath sa bhliain 1920 áit a ghnóthaigh a thírdhreacha agus radharcanna seánra aghaidh an phobail. Chomh maith leis sin bhí an bheirt chun tosaigh orthu siúd a bhunaigh an Society of Dublin Painters sa bhliain 1920. Cumann taispeántais a bhí ann agus i measc na mball eile bhí Jack B.Yeats (1871-1957), Mary Swanzy (1882-1978), Clare Marsh (1874-1923), Harry Clarke (1889-1931), Mainie Jellett (1897-1944), Charles Lamb (1893-1964) agus Eva Hamilton (1876-1960).

Bhí a saothar óna láimh mar chuid den Irish Exhibition a reáchtáileadh i bPáras sa bhliain 1922 faoi choimirce Rialtas an tSaor-stáit agus i dtaispeántas eile a reáchtáileadh sa bhliain 1930 sa Bhruiséal.

Scar Grace agus a fear céile ar an drochuair sa bhliain 1934 agus lean Grace dá gníomhréim mar phéintéir ar a conlán féin. Rinne sí a lán turasanna ar an Mór-roinn agus ar Shasana. Chaith sí cuid mhaith den am seo i bPáras agus rinne sí staidéar arís faoi André Lhote. Tá meas mór ar na bláthphictiúir a phéinteáil sí sna blianta seo. Tréithríonn scuabóireacht láidir agus dathanna dána a saothar i gcoitinne.

D’fhill Grace ar Éirinn ar ball agus thaispeáin a saothar leis an Royal Hibernian Academy. Ceapadh mar bhall onórach den acadamh í sa bhliain 1949. Tá saothair óna láimh sa Ghailearaí Náisiúnta agus i Músaem Uladh i measc bailiúcháin eile. Fuair sí bás i mBaile Átha Cliath.

An Pictiúr: Tuathánach de chuid Iarthar na hÉireann, Grace Henry

Catagóir: Beathaisnéisí Éireannacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint