about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Henry, Paul

click to view fullsize



Paul Henry, (1876-1958)

Péintéir Iar-Impriseanach tírdhreacha agus radharcanna seánra a shamhlaítear le tírdhreacha sainiúla d'Acaill agus de chósta an Iarthair go mór mór.

Mac ministéara san Eaglais Bhaisteach a bhí ann a rugadh i mBéal Feirste. Fuair sé meánscolaíocht ar an Royal Belfast Academical Institution, áit a shnaidhm sé caradas lena chomhscoláire Robert Lynd a bheadh ina scríbhneoir aistí agus ina náisiúnaí ar ball. Bhí Henry féin agus baill a theaghlaigh i bhfách le Rialtas Dúchais agus tá a fhios gur ghlac Paul páirt i gcomóradh ar Bhóthar na bhFál ar Éirí Amach 1798.

Cuireadh Henry mar phrintíseach dearthóra le ceardaí damaisc i mBéal Feirste ina dhiaidh sin. Oileadh ina dhiaidh sin arís é san Belfast Goverment School of Art. Spreag a chuid léitheoireachta é le flosc chun na healaíne agus chinn sé ar dul go Páras, lárionad na n-ealaíon san am chun staidéar a dhéanamh orthu.

Thug duine muinteartha leis airgead dó agus chláraigh sé san Académie Julien thall sa bhliain 1898. Rinne sé staidéar chomh maith faoin bpéintéir Meiriceánach James Mc Neill Whistler (1834-1903) ina stiúideo i bPáras. Tháinig Henry i bPáras faoi anáil an Réalachais Pictiúrtha, saothar Jean-François Millet (1814-75) go mór mór, an tImpriseanachas agus an tIar-Impriseanachas agus saothar na bpéintéirí Paul Cézanne (1839-1906) agus Paul Gauguin (1848-1903) go mór mór.

Línitheoir cumasach a bhí ann agus chleacht sé léaráidí agus sceitseanna a ghnóthaigh urraim dó, i ngualach go mór mór.

D'imigh sé go Londain sa bhliain 1900 agus rinne cónaí san aon teach lena chara Robert Lynd ón scoil i mBéal Feirste. Is mar mhaisitheoir a d’obair sé i Londain ag soláthar léaráidí d’irisí ar nós Black and White agus The Graphic . Chuir sé aithne ar ina thréimhse i Londain ar Walter Sickert (1860-1942) agus ar ealaíontóirí an Fitzroy Street Group.

Phós sé an péintéir Grace Mitchell. Ar mholadh óna chara Robert Lynd thug Henry agus a bhean cuairt ar Oileán Acla. Ní raibh sé i gceist acu ach saoire a chaitheamh ann ach d’imigh saol mhuintir na háite agus áilleacht na háite chomh mór sin i bhfeidhm orthu gur fhan siad seacht mbliana ann. Tháinig athrú iomlán ar stíl Henry ann. Chuir sé na sceitseanna i ngualach ar leataobh agus ghlac chuige an phéintéireacht oladhatha. Rinne sé an chuid is mó dá phictiúir i bhformáidí beaga a léiríonn anáil Whistler ina ngormanna agus ina gcorcra fionnuara. Tréithríonn foirmeacha simplithe, spéartha scamallacha agus tithe ceanntuí iad. Bhí sé iontach báúil le saol na ndaoine faoi mar a bhíonn le feiceáil ina phictiúr An Churach á Cur ar Snámh (An Gailearaí Náisiúnta).

D’aistrigh Henry go Baile Átha Cliath sa bhliain 1920 áit a ghnóthaigh a thírdhreacha aghaidh an phobail. Chomh maith leis sin bhí sé ar dhuine díobh siúd a bhunaigh an Society of Dublin Painters sa bhliain 1920. Cumann taispeántais a bhí ann agus i measc na mball eile bhí Jack B.Yeats (1871-1957), Mary Swanzy (1882-1978), Clare Marsh (1874-1923), Harry Clarke (1889-1931), Mainie Jellett (1897-1944), agus Charles Lamb (1893-1964).

Toghadh Henry ina bhall den Royal Hibernian Academy sa bhliain 1929. Bhí agus tá ráchairt ar na postaeir bunaithe ar a shamhla den Iarthair a dhear sé do Bhord Fáilte agus don London, Midland & Scottish Railway.

Bhí fadhbanna aige le radharc na súl agus chaill sé a radharc ar fad sa bhliain 1945. Scríobh sé a bheathaisnéis An Irish Portrait agus foilsiodh seo sa bhliain 1951. Fuair sé bás in Átha na Sceire, Co. Chill Mhanntáin.

An Pictiúr: Tírdhreach

Catagóir: Beathaisnéisí Éireannacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint