about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Hickey, John

click to view fullsize



John Hickey (1751-95)

Dealbhóir a rugadh agus tógadh i mBaile Átha Cliath. Déantóir milseogra i Sráid Capel a bhí ina athair. Bhí a dheartháir Thomas Hickey (c.1741-1824) a bhí níos óige ná é ina phéintéir portráidí a shaothraigh i Sasana, sa Phortaingéil, agus san India, chomh maith le hÉirinn.

Cuireadh John agus é ina ógánach ar scoileanna an Dublin Society. D’imigh sé ina dhiaidh sin ag obair leis an snoíodóir adhmaid Richard Cranfield (1731-1809).

D’imigh sé anonn go Londain sa bhliain 1776 agus chuaigh sé ag staidéar i scoileanna an Royal Academy thall. Ba sa bhliain 1777 a ghlac e páirt i dtaispeántas an Royal Academy den chéad uair. Rinne sé rilíf Sléacht na Neamhchiontach agus bhuaigh seo bonn óir ón acadamh dó sa bhliain 1778.

Rinne sé a lán bustaí agus dealbha portráide. Bhí Edmund Burke ina phátrún aige agus rinne sé busta portráide de sa bhliain 1785. Ceapadh ina dhealbhóir é leis Prionsa na Breataine Bige sa bhliain 1786. Cuimhneacháin in eaglaisí is mó a rinne sé agus is é an cuimhneachán a rinne sé do Elizabeth Hawkins agus a clann (1782) an ceann is fearr cáil óna láimh i Sasana.

In Éirinn tá cáil ar an leacht chuimhneacháin a rinne sé a rinne sé sa bhliain 1787 in ómós don Phríomh-Bhreitheamh Singleton atá in Eaglais Naomh Peadar i nDroichead Átha agus an leacht chuimhneacháin níos casta a rinne sa bhliain 1790 in ómós David La Touche atá in Eaglais Dheilgne i gCo.Chill Mhanntáin.

Catagóir: Beathaisnéisí Éireannacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint