about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Hickey, Thomas

click to view fullsize



Thomas Hickey, (c.1741-1824)

Portráidí rathúil a chaith an chuid is mó dá ghníomhréim i Sasana, sa Phortaingéil, san India agus sa tSín. Rugadh agus tógadh i mBaile Átha Cliath é agus oileadh san ealaín é ag scoileanna an Dublin Society idir na blianta 1753 agus 1756. Déantóir milseogra i Sráid Capel a bhí ina athair. Bhí a dheartháir John Hickey (1751-95) a bhí níos sine imithe leis an ealaín chomh maith agus bhí sé ina dhealbhóir.

Bhí an-ghealladh faoi Thomas agus bhuaigh sé roinnt duaiseanna ón Dublin Society as a shaothair. Bhí luí ar leith aige le cailc mar mheán agus thosaigh sé cur portráidí i gcrích inti. Ní raibh an t-ioncam as seo sásúil dó.

D’fhág sé Baile Átha Cliath sa bhliain 1761 chun turas a thabhairt ar an Iodáil. Turas fada a bhí ann a mhair go dtí an bhliain 1767. Thriall sé portráidí in oladhatha nuair a bhí sé ar ais i mBaile Átha Cliath ach ní raibh an toradh níos fearr dó, d’ainneoin go bhfuair sé coimisiúin móra sa choilíneacht ar nós a phortráid de Lord Townshend, Fear Ionaid an Rí atá anois sa Mansion House i mBaile Átha Cliath.

D’imigh Thomas go Londain sa bhliain 1764 agus d’éirigh níos fearr leis ansin. Ghlac sé páirt i dtaispeántais an Royal Academy ansin ón mbliain 1772. D’aistrigh sé go Bath sa bhliain 1776. Chuimhnigh sé dul don India ansin sa bhliain 1880. Is cosúil gur thug sé cuairt ar Éirinn sa bhliain chéanna sula ndeachaidh sé ar bord loinge don India.

Bhí Cogadh Saoirse Mheiriceá faoi lánseol ag an am agus bhí staid cogaidh fógartha sa bhliain 1779 ag an Spáinn agus ag an bhFrainc ar an mBreatain chun cabhrú leis na Meiriceánaigh. Ghabh na Francaigh an long ar a raibh Thomas ag taisteal agus cuireadh i dtír i Cadiz é ar ball. Rinne sé a bhealach féin chuig Liospóin na Portaingéile chun long ar ais chuig Sasana a fháil. Thosaigh sé ag peinteáil portráidí do na Sasanaigh a bhí sa chathair fad agus a bhí sé ag fanacht. D’éirigh chomh maith sin leis gur fhan sé tamall de bhlianta sa chathair agus rinne portráidí de maithe móra na háite chomh maith.

Bhain sé an India amach sa bhliain 1784 faoi dheireadh agus chuir sé faoi i gCathair Calcutta ar feadh seacht mbliana. Phéinteáil sé Sasanaigh agus muintir na háite. Déantár iontas as a bháidh le muintir na hIndia féin sna pictiúir. Bhí sé ar ais i Sasana arís sa bhliain 1791. Bhí feachtas á chur le chéile ag Lord Macartney chun na Síne agus d’aontaigh Thomas bheith ina phortráidí oifigiúil air. Mhair an feachtas don tSín ón mbliain 1792 go dtí an bhliain 1794. Ní mhaireann aon saothair óna láimh don turas seo.

Bhí Thomas ar ais i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1796 tar éis bhás a dheartháir John an bhliain roimhe. Phéinteáil sé portráidí Robert Emmet agus a dheirfiúr Mary sa bhliain 1797. Bhí a chroí san India is cosúil agus bhí sé ar ais inti sa bhliain 1798. D’fhoilsigh sé leabhar A History of Ancient Painting and Sculpture sa bhliain chéanna.

Nuair a chríochnaigh Ceathrú Chogadh Mysore sa bhliain 1799 bheartaigh Thomas sraith de sheacht bpictiúir a dhéanamh faoi. Rinne sé portráidí de phríomhphearsantachtaí an chogaigh idir Shasanaigh agus Indiaigh, os cionn leathchéad díobh i gcailc. Ní bhfuair sé an deis riamh na pictiúir den chogadh a phéinteáil agus ach maireann na portráidí fós. Fuair Thomas bás i Madras.

An Pictiúr: Bean de chuid na hIndia Gailearaí Náisiúnta, Baile Átha Cliath

Catagóir: Beathaisnéisí Éireannacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint