about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Hill, Nathaniel

click to view fullsize



Nathaniel Hill, (1861-1934)

Péintéir a shamhlaítear le pictiúir de thuathánaigh agus de thírdhreacha, a raibh an-ghealladh faoi ach a d’imigh as amharc sa dara leath dá shaoil.

Rugadh Nathaniel Hill i nDroichead Átha de theaghlach a bhí mbun gnó mar mhuilleoirí agus a bhí go maith as. Tháinig an teaghlach anall as Sasana sa bhliain 1824. D’fhreastail Hill ar an Metropolitan School of Art i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1877 agus bhí ann go dtí an bhliain 1880. Bhuaigh sé scoláireacht Taylor an RDS na mblianta 1883, 1884 agus 1885.

D’imigh sé i dteannta a chairde na péintéirí Joseph Malachy Kavanagh (1856-1918) agus Walter Frederick Osborne (1859-1903) chun Antwerp sa bhliain 1881 chun staidéar a dhéanamh ag an Académie Royale sa chathair sin. D’fhill an triúir agus a chairde arís ar Antwerp don tréimhse teagaisc 1882-83 chun tuilleadh staidéar a dhéanamh faoi Karel Verlat (1824-90).

Meastar gur imigh Hill chuig Quimperlé na Briotáine tar éis a thréimhse in Antwerp sa bhliain 1883 agus ndearna sé péinteáil ansin i gcuideachta Osborne agus Kavanagh. Rinne sé pictiúir ansin de radharcanna tuaithe agus iothlainne. Rinne sé cúram ar leith de phictiúir de thuathánaigh níos mó ná a chomhphéintéirí agus samhlaítear seo leis. Bhuail Nathaniel le Stanhope Forbes i Quimperlé na Briotáine sa bhliain 1884.

D’imigh sé chuig Sasana i bhFómhair na bliana céanna agus arís sa bhliain 1885. Bhí sé i gcuideachta Walter Osborne agus tá a fhios gur thug sé cuairt ar choilíneacht ealaíne Walberswick agus Southwold. D’éirigh sé as an bpéintéireacht timpeall na bliana 1895 ar chúis éigin, bás a mháthar b’fhéidir agus d’imigh chun na Breataine Bige. Fuair sé bás ansin in Bettys-y-coed.

Catagóir: Beathaisnéisí Éireannacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint