about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Hogan, John

click to view fullsize

John Hogan, (1800-58)

Príomhdhealbhóir Nua-Chlasaiceach na hÉireann.

Mac ceardaí tógála a bhí ann a rugadh ar an Tulach i gContae Phort Láirge ach a tógadh i gCathair Chorcaí. Chuaigh sé amach ag obair nuair a bhí sé an-óg. Thosaigh sé ag obair mar chléireach dlíodóra sa bhliain 1812. Níor réitigh an cineál oibre seo leis agus chuaigh sé ag obair mar phrintíseach snoíodóra agus mar línitheoir i ngnó an ailtire Sir Thomas Deane sa bhliain 1816. Bhí a chliantacht siúd i gCorcaigh sa chuid is mó, dhear sé an Imperial Hotel sa chathair mar shampla agus ba phátrún mór ar na healaíona é leis.

Bhí John an-tugtha do bheith ag líniú agus ag snoí. Thug Sir Thomas Deane an mhianach a bhí ann faoi deara agus ghríosaigh é chun dul leis an ndealbhóireacht. Ag éirí as seo d’fhreastail John ar léachtanna ar an anatamaíocht i gCorcaigh ar feadh trí bhliana agus fuair tuiscint agus braiteacht a sheas dó ina shaothar ar fad.

Tháinig bailiúchán de theilgin plástair a rinneadh ó dhealbha na Vatacáine chuig an Cumann Ealaíne i gCorcaigh. Thapaigh John an deis seo chun líníocht a dhéanamh uathu. Thug an tEaspag J. Murphy coimisiún tábhachtach dó ar a raibh sé ag obair ón mbliain 1820 go dtí an bhliain 1823 agus b’in chun retablo le seacht ndealbh adhmaid agus fiche a shnoí don Séipéal Thuaidh. Níl an retablo ar marthain anois nó baineadh anuas é nuair a bhí athraithe á dhéanamh ar an séipéal. Thug Sir Thomas Deane coimisiúin dó chomh maith. Is cosúil go raibh ag éirí go measartha maith leis agus go raibh dream tacaitheoirí thart air, an léirmheastóir agus scríbhneoir William Carty agus an Tiarna de Tabley ina measc. Sheol siadsan le cabhair ón Dublin Society chun na Róimhe é sa bhliain 1825.

Chaith John tréimhse ag staidéar in acadamh na Sasanach agus sna Musaeim agus i loggie na Vatacáine ansin agus chuaigh i mbun ghnó ar ball.

Thuill an dealbh An Fánas ar Meisce (1826) cáil dó mar dhealbhóir sa Stíl Nua-Chlasaiceach. Bhí an-mheas go deo ag an dealbhóir Bertel Thorwaldsen ar a shaothar. Rinne John an dealbh Críost Marbh sa bhliain 1829 ó cheap marmair de chuid Carrera (Eaglais Naomh Treasa, Sráid Clarendon i mBaile Átha Cliath) agus thuill seo meas an chliarlathais dó agus cáil mhór dó féin mar shárshaothar.

Iarradh air leagan eile de a dhéanamh, rud a rinne sé sa bhliain 1833 agus tá sé in Eaglais Naomh Fionnbharra i gCorcaigh. Rinne sé leaganacha éagsúla den Pietá chomh agus tá ceann díobh a shnoigh sé sa bhliain 1843 i gClochar Loreto i Ráth Fearnáin. Thugadh easpaig agus iad ar a gcuairteanna oifigiúla ar an Vatacáin cuairt ar a stiúideo agus d’ordaídís saothair uaidh. Thugadh sé cuairteanna ar Éirinn minic go leor chun coimisiúin a phlé le cliaint chomh maith.

Phós sé bean de bhunadh na hIodáile agus agus bhí an chosúlacht air go raibh sé chun a shaol ar fad a chaitheamh san Iodáil. Rinne sé dealbha lánfhada de William Crawford (1843 An Scoil Ealaíne, Corcaigh), de Thomas Drummond (1843, Halla na Cathrach Baile Átha Cliath), de Dónal Ó Conaill feistithe mar sheanadóir de chuid na Róimhe (1846, Halla na Cathrach, Baile Átha Cliath), de Thomas Davis (1853 Halla na Cathrach, Baile Átha Cliath) agus ceann eile arís de Dhónal Ó Conaill (1857, An Corrán, Luimneach).

Bhíodh Hogan ag tacú go láidir le feachtas Uí Chonaill ar son Fuascailt na gCaitliceach agus ar son Aisghairm an Aontais agus bhí meas an-mhór aige ar an bhfear é féin.. Ba é Coiste Chumann Réipéil a d’iarr air na dealbha d’Uí Chonaill a dhéanamh. Bhí glaoch air mar phortráidí agus rinne sé bustaí agus leachtanna chuimhneacháin in eaglaisí agus in institiúidí ar nós rilíf photráide den Dr James Doyle (J.K.L.), tacaitheoir láidir agus feachtasóir ar son Fuascailt na gCaitliceach, in Ardeaglais Cheatharlaigh (1839).

Bhí Hogan faoi chomaoin ag Lord Cloncurry, pátrún mór ealaíne agus rinne Hibernia le busta de Lord Cloncurry (An Gailearaí Náisiúnta) in ómós dó sa bhliain 1844. Dealbh de Hibernia agus a lámh thart ar bhusta portráide. Bíonn meas sárshaothar Nua-Chlasaiceach air seo.

Tharla éirí amach sa Róimh agus sna Stáit Iodáileacha eile sa bhliain 1848 agus i ngeall ar seo chinn John ar filleadh ar Éirinn. Bhí an tír in ísle brí agus trína chéile fós de dheasca an Ghorta Mhóir agus chinn sé ar chur faoi i mBaile Átha Cliath. Ní raibh an glaoch céanna air tar éis a fhillte coimisiúin mhóra.

Tá an dealbh an tríú leagan a rinne Hogan de Críost Marbh i mBaiseac St. John's i dTalamh an Éisc. Easpag de chuid na bProinsiasach a rugadh in Éirinn a bhí i Michael Anthony Fleming (1792-1850). Bhí sé ar son Fuascailt na gCaitliceach agus chuir craobh de Chompántas na gCaitliceach ar bun ina dheoise. Bhí sé ar thóir aitheantas don phobal Éireannach i dTalamh an Éisc chomh maith. Chinn sé ar bhaisleac úrnua a thógáil i St. John's dá phobal. Fuair an tEaspag Fleming bás sular críochnaíodh an baisleac ach d’fhág se treoracha agus an t-airgead ina uacht go bhfostófaí Hogan chun dealbh de Chríost Marbh a dhéanamh don bhaisleac. Rinneadh amhlaidh agus suiteáladh an dealbh faoin altóir sa bhliain 1855. Tá sí ar phríomhsheod an bhaisleaca ó shin.

Fuair Hogan bás i mBaile Átha Cliath.

An Pictiúr: Dónal Ó Conaill feistithe mar sheanadóir de chuid na Róimhe (1846, Halla na Cathrach, Baile Átha Cliath)

Catagóir: Beathaisnéisí Éireannacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint