about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Hogarth Club

click to view fullsize



Hogarth Club

Cumann taispeántais a d'fheidhmigh i Sasana a bunaíodh sa bhliain 1858 agus a scoireadh sa bhliain 1861. Iarracht a bhí sa chumann roinnt d’iarbhaill agus péintéirí chiorcal Bhráithreachas na Réamh-Rafaeilíteach a thabhairt le chéile agus ionad coinne agus halla taispeántais a sholáthair dóibh féin. Bhí bunaíocht na n-ealaíon, coiste an Royal Academy go háirithe dubh ina n-éadan agus ag diúltú deiseanna taispeántais dóibh.

Ní raibh struchtúr foirmeálta ar an mBráithreachas ach chinn siad é seo leigheas san fhiontar nua. Rinneadh rannóg d’ealaíontóirí agus rannóg do dilseánaigh agus rannóg dóibh siúd a raibh cónaí orthu i Londain agus rannóg dóibh siúd taobh amuigh de.

Ainmníodh an cumann nua i ndiaidh an phéintéara William Hogarth (1697-1764) ar mholadh Ford Madox Brown (1821-93). Eisean agus Dante Gabriel Rossetti (1828-82) is mó a bhí taobh thiar de. Thug William Holman Hunt (1827-1910) a lán tacaíochta dóibh cé gur dhiúltaigh John Everett Millais (1829-96) aon bhaint a bheith aige leis.

Iarradh ar William Davis (1812-73) agus ghlac sé leis an gcuireadh. B’as Baile Átha Cliath dó ó dhúchas ach chaith sé a ghníomhréim i Learpholl.

D’éirigh go maith leis an cumann ar dtús ach thit as tóin as de réir a chéile agus scoireadh é sa bhliain 1861.

Catagóir: Míndána

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint