about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Hone Sinsearach, Nathaniel

click to view fullsize



Nathaniel Hone Sinsearach, (1718-84)

Rugadh Nathaniel Hone Sinsearach, portráidí agus péintéir mionphictiúir i mBaile Átha Cliath de theaghlach a mhaígh gur de bhunadh na hÍsiltíre iad. Eisean an chéad duine sa teaghlach a phléigh leis an bpéintéireacht cé gur lean a ghaolta a shampla trí na glúnta ina dhiaidh.

D’imigh Hone anonn go Sasana nuair a bhí sé ina fhear óg agus chuaigh i mbun gnó mar phéintéir siúil. Rinne sé speisialtacht de phortráidí agus de mhionphictiúir i gcruan agus de mhionphictiúir in uiscedhath ar eabhar. Tugann an speisialtacht seo agus an stíl nádúraíoch a chleacht sé iontu áit thábhachtach dó i stair na healaíne i Sasana.

Níl sé soiléir cá háit ar oileadh é sna healaíona seo, nó tá deacracht teicniúl ag baint leo. An raibh sé féinoilte? Níl a fhios.

Phós sé bean shaibhir Mary Earle sa bhliain 1742 agus chuir faoi i Londain ina dhiaidh sin sa bhliain 1748. Chaith sé na blianta idir 1750 agus 1752 san Iodáil ag déanamh staidéar ar an ealaín agus d’fhill ar Londain ag deireadh a thréimhse ansin.

Oladhathanna ar fad a chleacht sé ina dhiaidh sin agus bhí sé mar dhuine de lucht bhunaithe an Royal Academy sa bhliain 1768. Ghlac sé páirt go rialta sna taispeántais ansin go dtí deireadh a shaoil.

Phéintéail sé an pictiúr, An tAsarlaí sa bhliain 1775. Asarlaí le slat draíochta is téama don phictiúr. Tá an tslat á chroitheadh ag an Asarlaí agus saothair na máistrí Iodálacha á ghlaoch aige chuige féin. Ionsaí ar Sir Joshua Reynolds (1723-92), Uachtarán an Acadaimh a bhí sa phictiúr, óir rinne seisean roinnt pictiúir bunaithe go follasach ar eiseamláirí Iodálacha. Bhí samhail den bhanphéintéir Angelica Kauffmann (1741-1807) agus í tarnocht mar chuid den phictiúr chomh maith. Rinne sise gearán don choiste agus dhiúltaigh siad don phictiúr. Phéinteáil sé a samhail amach ach dhiúltaigh an coiste fós dó. Tá an bunphictiúr leasaithe sa Ghailearaí Náisiúnta anois agus an sceits bunaidh dó i Londain.

Bhí Hone ar buile faoi bhreith an choiste agus reáchtáil sé taispeántas aisbhreathnaitheach de chéad pictiúr dá shaothar féin agus d’éirigh go hiontach leis. Ghnóthaigh seo áit thábhachtach eile dó i stair agus seanchas na healaíne i Sasana nó bhí sé ar an gcéad taispeántas aisbhreathnaitheach i Sasana riamh de shaothar phéintéir aonair.

Lean a mhic, Horace Hone (1754-1825) agus John Camillius Hone (1745-1836) gairm a n-athar mar phéintéirí chomh maith. Tugtar Nathaniel Hone Sinsearach air chun é a dhealú óna mhac dearthár Nathaniel Hone Sóisearach (1831-1917) a ghnóthaigh cáil mar phéintéir.

Maireann cáil Hone inniu a bheag nó a mhór ar aon phictiúr amháin, An tAsarlaí (An Gailearaí Náisiúnta, 1775) agus ar an gconspóid a bhí thart air.

An Pictiúr: Ann Gardiner le Kirkman an mac is sine aici (1776, Gailearaí Náisiúnta), Nathaniel Hone Sinsearach

Catagóir: Beathaisnéisí Éireannacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint