about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Hone, Evie

click to view fullsize



Evie Hone (1894-1955)

Péintéir i stíl an Chiúbachais agus saothraí a bhain cáil idirnáisiúnta amach dá saothar i ngloine dhaite.

Rugadh mar Eva Sydney Hone í i mBaile Átha Cliath agus bhain sí le sliocht a bhí bainteach leis na healaíona ar feadh na nglúnta. Bhí sí gaolta leis na péintéirí Nathaniel Hone Sinsearach (1718-1784), Horace Hone (1756-1825), John Camillus Hone (1759-1836) agus Nathaniel Hone Sóisearach (1831-1917). Driogaire a bhí ina hathair agus bunaitheoir na comhlachta Minch and Co. Bhí sé saibhir agus ina stiúrthóir ar bhord Bhanc na hÉireann.

Tholg Evie poliomyelitis nuair a bhí sí ina naíonán agus d’fhág seo céim bhacaíle uirthi i gcónaí. Rugadh í mar bhall d’Eaglais na hÉireann agus ba dhuine í a bhí tiomanta don Chríostaíocht. Toisc nach raibh a sláinte ar fónamh thugtaí í ar thurasanna chuig Sasana agus don mhór-roinn ar mhaithe lena sláinte. Tugadh ar cuairt í sa bhliain 1911 chuig Assisi na Toscáine agus d’imigh an áit i bhfeidhm go mór uirthi. Neartaigh sé a creideamh agus mhúscail sé spéis san ealaín inti.

D'fhreastail sí ar an Byam Shaw School of Art i Londain ar ball. Lean sí ar aghaidh ansin don Westminster School of Art, áit a raibh Walter Sickert (1860-1942) mar theagascóir aici. Níor chaith ach tamall gairid ar an scoil sin ach bhuail le Mainie Jellett (1897-1944) ann agus shnadhmnadh caradas saoil idir an bheirt. Rinne Evie staidéar breise faoi Bernard Meninsky, péintéir agus oide (1891-1950) chomh maith.

Portráidí agus tírdhreacha na téamaí is coitianta a chleachtadh sí. D'imigh a cara Mainie Jellett ar turas don Spáinn sa bhliain 1920 agus d'imigh ar aghaidh chuig Páras chun staidéar a dhéanamh san Académie Montparnasse faoi André Lhote (1885-1962). Chláraigh Evie Hone le Lhote chomh maith ar chomhairle Bernard Meninsky agus chuaigh an bheirt chara i mbun oibre agus staidéar le chéile.

D’fhill Evie agus Mainie ar Pháras sa bhliain 1921 ach roghnaigh siad Albert Gleizes (1881-1953) mar theagascóir an babhta seo. Bhí siadsan i dteannta an phéintéara Robert Pouyard ar na chéad daltaí a bhí aige riamh. Chaitheadh an bheirt gach samhradh i bPáras ag staidéar faoi Gleizes go dtí an bhliain 1931. Ar ais in Éirinn ghlac Hone agus Jellett páirt i dtaispeántas an Society of Dublin Painters sa bhliain 1923. Bhí sé deacair saothair na beirte a aithint óna chéile agus tharraing a saothair míthuiscint na léirmheastóirí orthu féin.

Thosaigh Evie ag cur spéis i saothar Georges Rouault agus i ngloine dhaite ag an tráth seo. D’imigh Evie chuig Truro i gCorn na Breataine sa bhliain 1925 agus thóg uirthi féin an saol crábhaidh i gclochar de chuid Eaglais Shasana ansin. D’éirigh sí as saol an chlochair tar éis bliana nuair a bhí iallach curtha uirthi éirí as an ealaín. D’fhill sí an staidéar agus obair le Gleizes i bPáras le breis fuinnimh.

Ghlac Evie agus Mainie páirt ghníomhach i saol phéintéirí Scoil Phárais. Bhí pictiúir ar crochadh ag an mbeirt i dtaispeántas na bliana 1923 de chuid an Salon des Indépendants agus an Salon d'Automne mar shampla. Ghlac siad páirt san Salon des Surindépendants a bunaíodh sa bhliain 1929 chomh maith. Thaispeáin Evie féin pictiúir i Londain faoi choimirce an Seven and Five Society ag deireadh na bliana 1926 agus tús na bliana 1927 agus bhí taispeántas aici i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1929 chomh maith. Ghlac Evie agus Mainie páirt ghníomhach i saol Scoil Phárais. Bhí pictiúir ar crochadh ag an mbeirt i dtaispeántas na bliana 1923 de chuid an Salon des Indépendants mar shampla. Chomh maith leis sin bhí an bheirt ar an mbuíon ealaíontóirí a bhunaigh an bhuíon Abstraction-Création sa bhliain 1931 agus foilsíodh samplaí dá saothar in Abstraction-Création, iris na buíne.

Bhí saothar Hone sa tréimhse idir na blianta 1921 agus 1931 nuair a fhéachtar air ina iomláine ag athrú ó bhéim ar an bpéintéireacht go dtí béim ar obair i ngloine dhaite, ón teibíocht go dtí an fhíorthaíocht agus ó ealaín shaolta go dtí ealaín le fís Chríostaí.

Chuaigh Evie i mbun oibre i stiúideo Sarah Purser (1848-1943). Ba ghairid go raibh sí ag teacht chun suntais. Is é Teachtaireacht an Aingil, i dtrí phainéal an chéad choimisiún i ngloine dhaite a fuair sí riamh. Rinne sí iad do Shéipéal Naoimh Naithí, séipéal de chuid Eaglais na hÉireann i nDún Droma i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1933. Chabhraigh Wilhelmina Geddes (1887-1955) léi le linn an tréimhse seo.

Ghlac Hone ballraíocht sa bhliain 1935 sa Túr Gloine, comharchumann agus stiúideo ghloine dhaite a bhunaigh Sarah Purser agus Edward Martyn le chéile. D'obair sí ann go dtí an bhliain 1944 nuair a d’imigh an comharchumann d’éaga. D'obair sí i stúideo ina teach féin ina dhiaidh sin. Bhí Michael Healy (1873-1941) ina bhall den Túr Gloine chomh maith agus chuir sí barr feabhais ar a teicníocht féin faoina chomhairle. D'iompaigh Evie ina Caitliceach sa bhliain 1937.

D’iarr an Roinn Tionscail agus Tráchtála uirthi fuinneog a dhearadh ar son pháillíun na hÉireann in Aonach an Domhain na bliana 1939 a bhí á thionóil i Nua Eabhrach. Rinne sí an fhuinneog mhór dhronnuilleogach Mo Cheithre Pháirc Ghlasa. Tá an fhuinneog sin fosaithe i dTithe an Rialtais anois agus aghaidh an phobail uirthi.

I measc na saothar eile a chuir sí i gcrích bhí fuinneoga do Choláiste na nÍosánach ar an Tulach Beag, Rathain, Co. Uíbh Fháillí sa bhliain 1946 agus Teach Manresa, Teach de chuid Cumann Íosa i mBaile Átha Cliath. Séipéal Halla na hOllscoile Sráid Haiste, Baile átha Cliath sa bhliain 1947 agus Eaglais Naomh Mhuire, Kingscourt, Co.an Chábháin sna blianta 1947 agus 1948. Ghnóthaigh na fuinneoga ollmhóra a rinne sí do Shéipéal Choláiste Eton i Windsor Londain (1942-52) teist idirnáisiúnta di. Rinne sí fuinneoga do Shéipéal na nÍosánach i Farm Street Londain agus Ardeaglais Náisiúnta Washington D.C. chomh maith. Tá a lán dá sceitseanna agus staidéir sa Ghailearaí Náisiúnta.

Bhí Evie ar lucht bhunaithe an Irish Exhibition of Living Art a bhliain 1943 in éineacht le Mainie Jellett, Louis Le Brocquy (1916-), Norah McGuinness (1901-80) Jack P. Hanlon (1913-1968) agus daoine eile. Thosaigh a stíl ag éirí níos boige rud a neartaigh turas a thug sí ar an Iodáil sa bhliain 1948. Tá sí curtha i Reilig Eaglais Naomh Maol Ruáin i Ráth Fearnáin.

Catagóir: Beathaisnéisí Éireannacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint