about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Hovenden, Thomas

click to view fullsize



Thomas Hovenden, (1840-95)

Péintéir seánra agus radharcanna scéaltacha agus acadúlach tábhachtach a chaith a ghníomhréim i SAM agus ar an Mór-Roinn.

Rugadh Thomas i nDún Mánmhaí, Co. Chorcaí. Chaill sé a thuismitheoirí le linn an Ghorta Mhóir agus b’éigean é a chur isteach i ndílleachtlann sa bhliain 1846. Ceanglaíodh mar phrintíseach é le snoíodóir-órthóir iar sin. D’aithin seisean go raibh cumas as an gcoiteann ann agus sheol sé don Scoil Ealaíne i gCorcaigh é chun cúrsa staidéir a dhéanamh ansin. D’imigh Thomas anonn go Sasana ansin agus d'fhreastail sé ar an South Kensington School of Design i Londain (an Royal College of Art anois), scoil a bhí ag oiliúint múinteoirí ealaíne.

D’imigh sé ina dhiaidh sin chuig Stáit Aontaithe Mheiriceá sa bhliain 1863 agus lean lena staidéir ansin. Rinne sé cúrsa eile arís sa National Academy of Design i Nua Eabhrach. D’imigh sé chun cónaí i gcathair Baltimore i stát Maryland sa bhliain 1868 agus d’fhan ann go dtí an bhliain 1874 nuair a thug sé a aghaidh ar chathair Phárais.

Rinne sé staidéir ansin san École des Beaux Arts faoi mhaoirseacht Alexandre Cabanel (1823-89) ar dtús sula ndeachaidh sé ar aghaidh chuig an choilíneacht ealaíne in Pont-Aven na Briotáine, áit ar chaith sé bunús a chuid ama sa Fhrainc. Rinne sé a lán pictiúir seánra de thuathánaigh in Pont-Aven agus is ann chomh maith a bhuail sé leis an bpéintéir Helen Corson a bheadh ina bhean chéile aige ar ball.

D’fhill sé ar Mheiriceá sa bhliain 1880 tar éis dó teacht faoi thionchar an Impriseanachais. Phós sé sa bhliain 1881 agus thuill meas mar theagascóir. Toghadh mar acadúlach de chuid an National Academy of Arts é sa bhliain 1882 agus ceapadh ina ollamh le Péintéireacht agus le Líníocht é san Pennsylvania Academy of the Fine Arts sa bhliain 1886. Bhí an péintéir Robert Henri (1865-1929) ina dhalta aige ansin. Tháinig onóracha eile chuig Thomas, bronnadh ballraíocht an Society of American Artists air, agus ballraíocht an American Water Color Society sa bhliain 1882. Bronnadh ballraíocht an Philadelphia Society of Artists air sa bhliain 1883 agus ballraíocht an New York Etching Club air sa bhliain 1885.

Is é Nóiméidí Deireannacha John Brown (1884, Fine Arts Museums, San Francisco) an pictiúir is fearr aithne dá chuid. Léiríonn sé John Brown ag moilliú ar a bhealach don chroich chun páiste gorm a phógadh. Léirigh Thomas daoine gorma níos minice ina phictiúir ná a chomhealaíontóirí. Díograiseoirí ar son cealú na sclábhaíochta i Meiriceá a bhí i dteaghlach a mhná agus chuir sé faoi ar an ngabháltas a bhí acu in Plymouth Meeting, Pennsylvania. Thaobhaigh Thomas lena ndearcadh. Rinneadh greanadóireachtaí de roinnt dá phictiúir agus bhí ráchairt orthu.

Maraíodh Thomas agus é ag iarraidh beatha chailín bhig deich mbliana d’aois a shábháil ó traein ag trasnú comhréidhe gar dá theach.

Catagóir: Beathaisnéisí Éireannacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint