about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Howard, Hugh

click to view fullsize



Hugh Howard, (1675–1738)

Rugadh an Portráidí Hugh Howard i mBaile Átha Cliath agus ba mhac é don Dochtúir Ralph Howard, M.D. Thóg an t-athair a chlann anall go Sasana nuair a bhí siad fós óg de dheasca chorraíl na hÉireann ag an am.

Chuir Hugh spéis sna healaíona ar ball agus d’imigh sé sa bhliain 1697 ar an Grand Tour mar dhuine ar bhuíon Thomas, Iarla Pembroke. Mhair an Grand Tour seo go dtí an bhlian 1700 agus thug sé cuairt ar an Ísiltír, an Iodáil agus ar an bhFrainc mar chuid de. Cé gur thug Howard cuairteanna ar Éirinn ina dhiadh sin is i Sasana a chaith sé bunús a chuid ama ag péinteáil portráidí. Tugadh post i Sasana dó mar Choimeádaí Pháipéir an Stáit agus mar Phámháistir do Pháláis an Rí. Bhí Howard iontach stuama lena thuarastal agus d’éirigh saibhir dá bharr. Thosaigh sé ar bhailúchán saothar ealaíne a chur le chéile ag bhain cáil amach dó féin mar dhuine a raibh dúil den scoth aige. Ba mhó a cháil as seo ná mar phéintéir agus scríobh filí dánta adhmholta dó. Maítear go raibh a shaothar mar phéintéir thíos leis seo cé gur lean sé leis ag obair.

Fuair Howard bás sa bhliain 1737 agus fuair a dheartháir an Dr. Robert Howard, easpag Ail Finn a bhailúchán mar uacht. Thóg sé seo anonn go hÉirinn. Sampla maith de shaothar Hugh Howard is ea a phortráid den Easpag Brown atá anois i gColáiste na Tríonóide.

Catagóir: Beathaisnéisí Éireannacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint