about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Hudson River School

click to view fullsize



Hudson River School

Buíon scaoilte d’ealaíontóirí Meiriceánacha faoin thionchar stíl an Rómánsachachais a bhí ag obair i lár na tréimhse c.1820-c.1850 agus a raibh Thomas Cole (1801-48) agus a dhalta F. E. Church (1826-1900), Albert Bierstadt (1830-1902), Thomas Doughty (1793-1856) agus George Inness (1825-1894) mar chuid de.

Tírdhreacha ó iargúltacht Iarthuaisceart Mheiriceá is mó a bhí mar théama acu, go mór mór an ceantar thart ar an Abhainn Hudson agus na Sléibhte Catskill. Phléigh siad le radharcra ó Shléibhte Appalachia agus an Crios Arctach ina dhiaidh sin go mór mór.

Bhí tionchar mór ag tírdhreacha na n-ealaíontóirí Sasanacha Joseph M. W. Turner (1775-1851) agus John Martin (1789-1854) le sonrú orthu. Níor bhuíon foirmeálta a bhí iontu, thug daoine eile an t-ainm orthu. Bhí blas naisiúnaíoch Meiriceánach ar a saothar agus aithnítear tionchar na h-idéolaíochta – cinniúint shoiléir - orthu. Rugadh roinnt de phéintéirí na scoile seo san Eoraip.

An Pictiúr: Thomas Cole (1801-48) Abhainn an Oxbow

Catagóir: Buíonta, Claonta agus Fealsúnachtaí Ealaíne sa Nua-aois

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint