about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Hughes, John

click to view fullsize



John Hughes, (1865-1941)

Dealbhóir agus teagascóir a rugadh i mBaile Átha Cliath. Ceardaí a bhí ina athair. D’imigh sé don Metropolitan School of Art den chéad uair sa bhliain 1878 mar mhac léinn agus bhí ann go dtí an bhliain 1890.

Bhí gealladh faoi agus ghnóthaigh sé scoláireacht sa bhliain 1890 chun freastal ar an South Kensington School of Art i Londain. Bhí sé ann ag deireadh na bliana céanna agus chaith téarmaí an chéad bhlian eile ann. Rinne sé staidéar ina sheal ansin faoi Edouard Lanteri (1848-1917), dealbhóir de bhunadh na Fraince a bhí tar éis tosú mar ollamh múnlóireachta sa bhliain chéanna.

D’imigh sé ar aghaidh ar sparántacht eile nuair a bhí a thréimhse i Kensington istigh chuig Páras agus don Iodáil chun tuilleadh staidéir a dhéanamh. Chuir sé aithne ar shaothair an Renaissance san Iodáil agus d’imigh seo i bhfeidhm ar a shamhlaíocht, saothair Jacopo della Quercia go mór mór.

Ar ais i Sasana dó sa bhliain 1893 fuair sé post mar theagascóir san Plymouth Technical School. Fuair sé post eile an bhliain dar gcionn mar theagascóir múnlóireachta san Metropolitan School of Art i mBaile Átha Cliath. Bhí saothair aige i dtaispeántais an Royal Hibernian Academy uaidh sin amach.

Bhí teist Hughes mar shnoíodóir ag dul i méid i gcónaí agus iarradh air dealbh a dhéanamh i gcuimhne ar Charles J. Kickham, an Finíneach agus údar. Nochtadh an dealbh cré-umha sa bhliain 1898 i mBaile Thiobraid Árann agus thaitin é le gach éinne. Toghadh é mar bhall den Royal Hibernian Academy sa bhliain 1900. Ceapadh mar Ollamh Dealbhóireachta é i scoileanna an Royal Hibernian Academy sa bhliain chéanna ach d’éirigh sé as seo sa bhliain 1901 nó bhí brú air leis na coimisiúin uile a bhí idir lámha aige.

Shnoigh sé an dealbh marmair An Mhaighdean Mhuire agus an Leanbh Íosa do thaobhaltóir in Ardeaglais Bhaile Locha Riach. Tá tionchar an Bharóic le sonrú air an dealbh lánfhada. Dála an scéil nuair a rinne an Roinn Poist agus Teileagraf an cinneadh aithris a dhéanamh ar Shasana agus stampa Nollag a eisiúint sa bhliain 1971 baineadh feidhm as pictiúr den dealbh seo ar an gcéad stampa. Rinne sé rilíf cré-umha Fear na nDólás don altóir san ardeaglais chomh maith.

Bhí conspóid thart ar roinnt de na dealbha a rinne sé, an ceann a rinne sé den Bhanríon Victoria go mór mór. Fuair sé an coimisiún seo sa bhliain 1903. Nochtadh é sa bhliain 1908 ar Fhaiche Theach Laighin. Ceannaíodh an teach ansin ar son Thithe an Oireachtais sa bhliain 1924, ba leis an Royal Dublin Society Teach Laighin an tráth sin. Ní mó ná sásta a bhí an pobal le dealbh de Bhanríon Shasana os comhair Thithe an Oireachtais agus baineadh aníos í sa bhliain 1947. Bronnadh an dealbh ar Rialtas na hAstráile sa bhliain 1987 agus suiteáladh é os comhair an Queen Victoria Building, lárionad siopadóireachta i lár chathair Sydney. Tá cuid de na dealbha cúnta ar nós Éire ag breathnú ar shaighdiúr marbh a bhí ag dul leis an bríomhdhealbh i gCaisleán Bhaile Átha Cliath fós.

Bhí fadhbanna den chineál céanna leis an dealbh de W. E. Gladstone, iarphríomh-aire na Breataine. Ceapadh an dealbh do suíomh i bPáirc an Fhionnuisce ach suiteáladh é ar deireadh i Hawarden na Breataine Bige sa bhliain 1925. D’imigh Hughes chun cónaí thar lear sa bhliain 1903, chaith sé seal i Londain agus ansin lonnaigh sé san Iodáil agus sa Fhrainc. Rinne se é seo d’ainneoin go raibh meas air mar an dealbhóir is fearr in Éirinn lena linn agus a mhór agus a bhí sé le lucht an Irish Literary Renaissance. Bhí cairdeas ar leith aige le Walter Frederick Osborne (1859-1903) a fuair bás an bhliain a d’imigh Hughes thar lear.

Fuair John Hughes bás i Nice i ndeisceart na Fraince le linn an Dara Chogadh Domhanda.

Catagóir: Beathaisnéisí Éireannacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint