about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Hussey, Philip

click to view fullsize



Philip Hussey, (c.1713-83)

Péintéir nótálta portráidí ina linn féin a raibh cónaí air i mBaile Átha Cliath don chuid is mó dá ghairmréim. Rugadh Philip Hussey i gCluana i gContae Chorcaí.

Bheith ina mhairnéalach an chéad ghairm a chleacht sé agus thaistil sé i ngar agus i gcéin. Maíodh gur fhulaing sé long bhriseadh cúig huaire agus é i mbun na gairme seo. Bhíodh turais fharraige fada an uair sin agus chaith Philip a chuid saorama ag péintéireacht agus ag sceitseáil agus d’éirigh ard-oilte iontu.

Bhí deireadh lena ghairmréim mar mhairnéalach agus é ag obair i mBaile Átha Cliath mar phéintéir portráidí thart faoin mbliain 1740. Tuairiscítear gur theach airneála d’ealaíontóirí a bhí ina theach. Chleacht sé roinnt ghrúp-phortráidí de theaghlaigh ach is ar son a phortráidí lánfhada de dhaoine aonair is mó a bhí cáil air. I dteannta bheith ina phéintéir bhí Philip ina cheoltóir agus ina luibheolaí agus thuill airgid mar mhangaire pictiúir agus frámaí.

Bhí a scuabóireacht ar fheabhas ach faightear righne ar a fhíortha go minic agus ní bhíonn mórán éagsúlacht sna staidiúir. Bhí seo fíor faoina chomhaimsirigh chomh maith agus cionn is nach gcuireadh sé síniú ar a phictiúr go minic bíonn sé deacair a shaothar a aithint óna saothar siúd.

Thug Philip roinnt turas ar Shasana agus chaith tréimhsí fada ann. Rinne sé seo dhá huair ar a laghad agus phéinteáil portráidí thall. Fuair sé deis ansin chomh maith cóipeanna de phictiúir na seanmháistrí a dhéanamh. Bhí an Lord Chancellor John Bowes ina phátrún aige agus chuir sé in iúl é do a lán maithe maithe móra thall. Rinne sé portráid don Ardghiúistís Sir William Yorke ina measc.

Fuair Philip bás ina theach féin in Sráid Earle i mBaile Átha Cliath. Tá a ghrúp-phortáid an Teaghlach Bateson i Músaem Uladh agus an Teaghlach Corbally sa Ghailearaí Náisiúnta.

Catagóir: Beathaisnéisí Éireannacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint