about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Hypnerotomachia Poliphili

click to view fullsize

An incunabulum maisithe is cáiliúla dá bhfuil ann agus ceann de na hEagráin Aldacha a scríobh F. Colonna sa bhliain 1467 agus a áirítear ar cheann de na leabhair is iontaí dar scríobhadh riamh.

Cuireadh i gcló a chéaduair é sa bhliain 1499 ag Aldo Pio Manuzio (Aldus Manutius sa Laidin) le 200 adhmadghearrthaí ó lámh ealaíontóir ainaithnid éigin. Baintear feidhm sa téacs as Iodáilis ardléannta le sliochtanna ón Laidin, Gréigis agus Eabhrais tríd.

Scéal fáthchiallach measartha doiléir atá ann a arsaíonn faoi thuras brionglóideach trí réimsí na healaíne agus na saorthola.

Téann Poliphilo (leannán Polia) sa chéad chuid den leabhar ar thuras faoi dhéin Polia. Pósann sé í agus téann an bheirt acu chuig dealbh Véineas, chun bandia an ghrá a adhradh. Sa dara cuid den leabhar aithrisíonn an bheirt acu faoi scéal a ngrá dá chéile, faoi na deacrachtaí a bhí acu i dtosach agus an críoch sona a bhí air. Tá an il-iomad cuntas a dhéantar ann ar ailtireacht díorthaithe ón íomháineacht agus ó eolas cruinn ar an ailtireacht chlasaiceach araon, rud a thugann blas na réaltachta ar an scéal.

Tugann Colonna a lán cuntas ar fhothracha agus ar an lobhadh, siombalacha den neamhbhuaine. Ba fhoinse mór téamaí iad na sonraí seo d’ealaíontóirí an Renaissance. Brionglóid chatha Poliphilo is brí leis an ainm.

An Pictiúr: Maisiúchán ón Hypnerotomachia Poliphili a léiríonn Poliphilo agus a leannán Polia

Catagóir: Leabhair Thábhachtacha san Ealaín

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint