about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Imari

click to view fullsize

Is calafort é Imari sa tSeapáin atá suite ar Oileán Kyúshú, oileán i ndeisceart na Seapáine os comhair leithinis an Choiré agus b’uaidh a allmhairíodh gréithe criadóireachta don Eoraip a chéad uair leis an Oost Indishe Compagnie de chuid na hOllainne.

Tugtar Imari dá bhrí sin ar ghréithe óna lán áiteanna ar an oileán de stíleanna difriúla. Is iad gréithe Nabeshima na gréithe Imari is mó cáil agus táirgeadh iad i sráidbhaile Okawachiyama i gCathair Imari.

Comhainm ar na gréithe seo is ea gréithe Arita. Tugtar koimari, ciallaíonn ko sean, ar na hallmhairithe seo don Eoraip. Tá na tornóga in Imari i mbun oibre fós.

An Pictiúr: Próca mór, eiseamláir de ghréithe Imari.

Catagóir: Criadóireacht na Seapáine

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint