about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Impriseanachas

click to view fullsize

An ghluaiseacht nó fealsúnacht ealaíne is rathúla dá raibh riamh ann agus an ceann is mó ar a mbíonn gean an phobail fós.

Gluaiseacht frith-acadúlach a bhí ann a chuir suas do thraidisiún na n-acadamh agus do bhunaíocht na n-ealaíon agus a bhuaigh. Tréithrítear an Impriseanachas mar nádúrachas deiridh.

Chuir an Impriseanachas réabhlóid i bhfeidhm le téamaí pictiúr nuair a roghnaigh siad iad ón ngnáthshaol agus níor leasc leo glacadh le téamaí neamhintleachtúla chomh maith. Glacadh leis seo mar íonsaí ar phrionsabail na hardealaíne mar a chleachtaítí sna hacadaimh í.

Mar ghluaiseacht phéintéireachta luaitear í le Fréderic Bazille (1841-70), Paul Cézanne (1839-1906), Edgar Degas (1834-1917), Claude Monet (1840-1926), Edouard Manet (1832-83), Berthe Morisot (1841-95), Camille Pissarro (1830-1903), Pierre Auguste Renoir (1841-1919), Alfred Sisley (1839-99), Mary Cassatt (1844-1926), Gustave Caillebotte (1848-94) agus péintéirí eile ar nós Eva Gonzalés (1849-83), Armand Guillaumin (1841-1927) agus Stanislas Lépine (1835-92).

Ní raibh a dtionchar teoranta don phéintéireacht amháin chuir Auguste Rodin (1840-1917) teoiricí impriseanacha i bhfeidhm ar a shaothar dealbhóireachta. Rinne Degas agus Renoir roinnt dealbha chomh maith.

Chum an criticeoir Louis Leroy an t-ainm as an saothar Impression : soleil levant le Monet. Bhí an pictiúr ar crochadh san taispeántas de chuid an Société Anonyme des artistes, peintres, sculpteurs, graveurs ... in Aibreán 1874. Reáchtáileadh an taispeántas i stiúideo an ghrianghrafadóra Nadar ar an boulevard des Capucines agus tugtar an chéad taispeántas Impriseanach air (bhí ocht díobh ann) agus thuill sé dímheas an phobail ar an toirt.

D’athraigh sin i gceann tamaill agus bhí ráchairt ar an ngluaiseacht i Meiriceá sna 1890-idí mar shampla. Áirítear saothar James Mc Neill Whistler (1834-1903) mar an eiseamláir is fearr aithne ar Impriseanachas Mheiriceá.

Bhí an t-Impriseanachas bunaithe ar ghrinndearcadh eolaíoch an tsolais, datha agus atmasféar in ala na huaire sa nádúr agus a n-éifeacht ar fhoirmeacha seachas ar léiriú beacht na bhfoirmeacha sin nó aon bhrí a mbeadh iontu.

Ar feadh i bhfad chuirtí soidéalacht agus easpa cumais i leith an Impriseanachais ach ní luaithe a ngluaiseacht slán ná gur imigh a lán a bhí bainteach leis ar a mbealach féin chun rudaí úra eile a chruthú agus is Iarimpriseanachas a thugtar mar scáththéarma ar a n-iarrachtaí.

Pictiúr : Claude Monet, Rue Montorgueil, Féile 30ú Meitheamh, 1878, Musee d'Orsay, Páras

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint