about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Ingham, Charles Cromwell

click to view fullsize



Charles Cromwell Ingham, (1797-1863)

Péintéir portráidí agus bunaitheoir an New York National Academy of Design.

Rugadh Charles Cromwell Ingham i mBaile Átha Cliath de theaghlach a bhí ar shliocht shaighdiúir de chuid arm Chromail. Bhí siad chomh bródúil as sin gur chinntigh siad i ngach glún go raibh duine díobh ag iompar ainm Chromail.

Léirigh Charles Cromwell spéis agus cumas san ealaín ó bhí sé óg agus cuireadh ar scoil an Dublin Society é sa bhliain 1809. Chaith sé bliain ansin agus chaith ceithre bhliana eile ina dhiaidh sin ag staidéar faoin bportráidí William Cuming (1769-1852). Bhí cáil bainte amach ag an Uasal Cuming as a phortráidí de mhná go mór mór. Bhain Charles Cromwell duais as Bás Chleopatra pictiúr a rinne sé nuair a bhí sé fós ag obair faoi William Cuming. Faightear cosúlachtaí idir a luathshaothar agus saothar Martin Archer Shee (1769–1850).

Bhí Éire ag meath mar thoradh ar Acht an Aontaithe agus bhog athair Charles Cromwell lena theaghlach sa bhliain 1816 chuig Nua Eabhrach i ngeall ar seo. Bhain Charles Cromwell agus a dheartháir Thomas Ingham cáil amach dóibh féin thall mar phortráidithe. Bhain Charles Cromwell cáil amach dó féin ar son a phortráidí de mhná cé gur phéinteáil sé féin páistí agus fir chomh maith maille le roinnt tírdhreacha. Phéinteáil sé portráidí an Marquis de Lafayette agus an Gobharnóir de Witt Clinton. Bhí portráid uaidh i dtaispeántais an Royal Hibernian Academy sna blianta 1828 agus 1842.

Bhí é ar dhuine sa bhliain 1826 de lucht bhunaithe an National Academy of Design i Nua Eabhrach agus d’fheidhmigh sé mar Leas-Uachtarán air idir na blianta 1845 agus 1850. Chomh maith leis sin bhí sé ina bhunaitheoir agus ina uachtarán ar a Artists Sketch Club a bunaíodh sa bhliain 1829.

Tugadh suntas do theicníocht Charles Cromwell fiú ina linn féin. Chleacht sé modheolaíocht dhuaisiúil ag leagan síos sraith i ndiaidh sraithe de ghlónraí anuas ar a chéile chun ard-bhailchríoch a bhaint amach. Thug sé aire mhór do mhionshonraí ina theannta sin.

Níor phós sé riamh agus choinnigh sé ag péinteáil go dtí an deireadh. Fuair sé bás thall agus tá sé curtha i Reilg Trinity Church.

Catagóir: Beathaisnéisí Éireannacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint